Faoisimh Cánach Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Faoiseamh i leith Innéacsú

Féadfaidh sé go mbeidh tú in ann Faoiseamh i leith Innéacsú a éileamh má bhí an tsócmhainn atá á díol agat faoi d’úinéireacht roimh 2003. Tugtar Faoiseamh i leith Boilsciú ar Fhaoiseamh i leith Innéacsú chomh maith.

Ciallaíonn Faoiseamh i leith Innéacsú go méadaítear aon chostais a d’íoc tú roimh 2003. Tá an méadú seo bunaithe ar bhoilsciú arna ríomh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh.

Baineann an faoiseamh le:

  • praghas ceannaigh nó luach margaidh na sócmhainne ag an tráth a tháinig tú de bheith mar úinéir uirthi
  • costas i leith an tsócmhainn a fháil (amhail táillí dlíodóra agus táillí ceantálaí)
  • costas i leith luach na sócmhainne a mhéadú
  • costas i leith an tsócmhainn a dhiúscairt.

Cén chaoi a gcáilítear don Fhaoiseamh i leith Innéacsú?

Níl Faoiseamh i leith Innéacsú ar fáil ach le haghaidh costas nó costais a íocadh suas le 31 Nollaig 2002. Ní mór go raibh an tsócmhainn faoi d’úinéireacht le linn na tréimhse seo.

Tabhair do d’aire

Ní bhaineann Faoiseamh i leith Innéacsú le haon chostais a íocadh in 2003 nó blianta ina dhiaidh sin.

Talamh Forbraíochta

Is éard is talamh forbraíochta (lena n-áirítear foirgnimh) ann ná talamh i bPoblacht na hÉireann a bhfuil an luach margaidh níos mó ná a ‘luach úsáide reatha’. Is éard is brí le luach úsáide reatha ná an luach a mbeadh ar an talamh dá mba rud é nár talamh forbraíochta é. (Mura bhfhéadtar forbairt, seachas mion-fhorbairt, a dhéanamh.)

Ní bhaineann Faoiseamh i leith Innéacsú ach leis an luach úsáide reatha ag an tráth gur tháinig tú de bheith i d’úinéir. Is éard é an luach forbraíochta (luach úsáide reatha bainte ón luach margaidh) ná costas incheadaithe ach ní fhéadtar é a innéacsú.

Cén chaoi a gcuirtear Faoiseamh i leith Innéacsú i bhfeidhm?

Déantar an costas a mhéadú faoin bhfachtóir innéacsaithe don bhliain inar tabhaíodh an costas. (Tugtar an t-iolraitheoir ar an bhfachtóir innéacsaithe chomh maith.) Féadtar an chostas innéacsaithe a bhaint mar chostas incheadaithe ó do ghnóthachan caipitiúil.

Tabhair do d’aire

Má tá an dáta roimh 6 Aibreán 1974, ba chóir iolraitheoir na mblianta 1974/5 a úsáid mar an bhfachtóir innéacsaithe.

An chaoi le Faoiseamh i leith Innéacsú a éileamh

Bain úsáid as do chostas/chostais innéacsaithe nuair atá do CGC á ríomh agus do thuairisceán á thíolacadh agat.

Ar aghaidh: Faoiseamh i leith Athstruchtúrú Feirme