Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) ar dhíol, ar bhronntanas, nó ar mhalartú sócmhainne

Cén chaoi le CGC a ríomh

Ní mór tuairisceán a thíolacadh má dhéantar sócmhainn a dhiúscairt, fiú mura bhfuil aon cháin dlite. Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar an leathanach roimhe seo.

Ní bhaineann CGC leis an tsuim iomlán a fhaightear ach leis an ‘ngnóthachan inmhuirir’.

Is ionann an gnóthachan inmhuirir i leith sócmhainne agus an difríocht idir:

  • an tsuim a fhaightear ina leith (an praghas díola)
  • agus
  • an tsuim a d’íoc tú ina leith (an praghas ceannaigh) agus aon ‘chostais incheadaithe’.

Ní mór do ghnóthachan inmhuirir don bhliain iomlán a ríomh.

Má tá níos mó ná gnóthachan amháin agat, ní mór duit iad a shuimiú le chéile. Is gá aon chaillteanais a asbhaint freisin. Ní mór an t-eolas seo ar fad a shonrú ar do thuairisceán.

Má bhí an tsócmhainn faoi d’úinéireacht roimh 2003, féadtar faoiseamh innéacsú a éileamh.

Féadfaidh sé go mbeidh ort an ‘luach margaidh’ a úsáid seachas an praghas díola nó an praghas ceannaigh. Mar shampla, má thugann tú sócmhainn do dhuine mar bhronntanas in ionad í a dhíol. Is é luach margaidh na sócmhainne an praghas is fearr a gheofá dá ndíolfá an t-earra ar an margadh oscailte.

Tabhair do d’aire

Más duine aonair thú, bíonn díolúine phearsanta €1,270 agat gach bliain. Má tá do ghnóthachan inmhuirir níos lú ná seo, níl ort aon CGC a íoc.

Ráta CGC

Is é an ráta CGC le haghaidh an chuid is mó de ghnóthachain ná 33%. Tá rátaí eile do chineálacha sonracha gnóthachan ann. Is iad seo na rátaí:

  • 40% ar ghnóthachain ó pholasaithe saoil eachtracha agus táirgí infheistíochta eachtracha
  • 15% ar ghnóthachain ó chistí caipitil fiontair do dhaoine aonair agus comhpháirtíochtaí
  • agus
  • 12.5% ar ghnóthachain ó chistí caipitil fiontair do chuideachtaí.

Is éard is caipiteal fiontair ann ná airgead a infheistítear i gcuideachta nuathionscanta nó i ngnó beag.

Céard is ‘costais incheadaithe’ ann?

Costais iad seo a fhéadtar a asbhaint ón bpraghas díola chun do ghnóthachan inmhuirir a oibriú amach. Féadfaidh sé gurb é seo:

  • aon airgead a chaith tú a chuireann luach leis an tsócmhainn (tugtar ‘caiteachas luachmhéadaithe’ air seo)
  • agus
  • costais (mar shampla, táillí a d’íoc tú le dlíodóir nó ceantálaí) nuair a fuair tú an tsócmhainn agus í a dhiúscairt.

Cén uair a úsáidtear luach margaidh?

Is gá luach margaidh na sócmhainne a úsáid chun do ghnóthachan inmhuirir a oibriú amach más rud é:

  • gur bronntanas a bhí inti a tugadh do dhuine seachas do do chéile nó do pháirtnéir sibhialta
  • gur díoladh an tsócmhainn ar shuim níos lú ná an luach ar fiú í chun cabhrú leis an gceannaitheoir
  • go bhfuair tú mar oidhreacht í agus go bhfuil sí á diúscairt agat anois
  • gur ceannaíodh roimh an 06 Aibreán 1974 í.

Cén chaoi le suim an CGC atá le híoc a ríomh

Nuair atá do ghnóthachan inmhuirir oibrithe amach agat, ní mór duit do ghnóthachan incháinithe a oibriú amach trí:

  • do dhíolúine phearsanta (más duine aonair thú)
  • aon díolúintí nó faoisimh eile dlite a bhaint
  • agus
  • caillteanais incheadaithe.

Nuair atá do ghnóthachan incháinithe iomlán ar eolas agat, ní mór duit é a mhéadú faoin ráta CGC. Fanann an fhreagracht lemeasúnú cruinn a dhéanamh ar do dhliteanas leatsa, más ann dó.

Féadfaidh sé go mbeidh tú in ann creidmheas i leith CGC eachtrach a d’íoc tú a éileamh. Féadtar é seo a éileamh ar do thuairisceán.

Rátaí stairiúla CGC

D’athraigh formhór na rátaí ngnóthachan ar an 06 Nollaig 2013 go dtí 33%.

Rátaí stairiúla CGC
Dáta diúscarthaRátaí CGC
07 Nollaig 2011 – 05 Nollaig 2012 30%
08 Aibreán 2009 – 06 Nollaig 2011 25%
15 Deireadh Fómhair 2008 – 07 Aibreán 2009 22%
Suas go dtí 14 Deireadh Fómhair 2008 agus an dáta sin san áireamh 20%

Ar aghaidh: Má rinne tú caillteanas