CGC ar dhíol, ar bhronntanas, nó ar mhalartú sócmhainne
Má rinne tú caillteanas
Féadfaidh sé go mbeidh caillteanas i gceist nuair a dhéantar sócmhainn a dhiúscairt. Tugtar ‘caillteanas incheadaithe’ air seo dá mbeadh an gnóthachan ar an idirbheart céanna inmhuirir. Féadtar caillteanas incheadaithe a asbhaint ó aon ghnóthachain inmhuirir a dhéanann tú sa bhliain chéanna chánach. Tá sé seo faoi réir eisceachtaí áirithe. Féadfaidh caillteanais ar mhaoin eachtrach a dhiúscairt a bheith san áireamh.
Féadtar caillteanas ar thalamh forbartha a dhiúscairt a asbhaint ó aon ghnóthachan inmhuirir eile. Mar sin féin, ní fhéadtar caillteanais talún neamhfhorbartha a fhritháireamh i gcoinne gnóthachain inmhuirir ar dhiúscairt talún forbartha. Ní fhéadtar ach caillteanais talún forbartha a fhritháireamh i gcoinne gnóthachan ar dhiúscairt talún forbartha.
Tabhair do d'aire
Féadfaidh sé nach mbeadh aon gnóthachain inmhuirir agat sa bhliain chéanna chánach a bhfuil caillteanas agat. Sa chás seo, ní gá an caillteanas a chur san áireamh sa tuairisceán don bhliain chánach sin. Ní mór asbhaint caillteanais incheadaithe a dhéanamh sa tuairisceán cánach don chéad tréimhse inmhuirir eile ina bhfuil gnóthachan inmhuirir.
Caillteanais incheadaithe a sháraíonn an gnóthachan inmhuirir
Féadfaidh sé go mbeidh caillteanais agat nach bhféadtar a úsáid go páirteach nó go hiomlán toisc:
- go bhfuil níos mó caillteanais ná gnóthachain a rinne tú sa bhliain chéanna chánach
- nó
- ní dhearna tú aon ghnóthachain sa bhliain chánach chéanna.
Caillteanais chaipitiúla a thabhairt ar aghaidh
Beidh tú in ann na caillteanais a thabhairt ar aghaidh. Ciallaíonn sé seo go bhféadtar iad a úsáid i gcoinne na chéad ghnóthachain chaipitiúla eile a d'fhéadfá a dhéanamh sna blianta ina dhiaidh sin. Is gá an caillteanas a tugadh ar aghaidh a chur san áireamh i do ríomh CGC do bhlianta níos déanaí. Cuireann tú isteach an caillteanas a tugadh ar aghaidh ar an tuairisceán CGC do bhlianta ina dhiaidh sin
Caillteanais chaipitiúla a aistriú chuig do chéile nó páirtnéir sibhialta
Féadtar caillteanais incheadaithe a aistriú idir céilí nó páirtnéirí sibhialta. Má dhéantar measúnú ort i gcomhpháirt le do chéile nó do pháirtnéir sibhialta le haghaidh CGC, déantar caillteanais incheadaithe a fhritháireamh go huathoibríoch in aghaidh ghnóthachain inmhuirir do chéile nó do pháirtnéara shibhialta.
Féadfaidh sé nach dteastaíonn uaitse, do chéile nó do pháirtnéir sibhialta aistriú uathoibríoch na gcaillteanas incheadaithe. Más ea, féadfaidh tú iarratas ar do chaillteanas incheadaithe a choinneáil a dhéanamh. Ní mór an t-iarratas seo a dhéanamh ar an 1 Aibreán nó dá éis sa bhliain ina dhiaidh. Féadtar an t-iarratas a sheoladh:
Forálacha speisialta do chaillteanais chaipitiúla tar éis bháis
Ní fhéadtar caillteanais a fhritháireamh in aghaidh gnóthachain na mblianta roimhe seachas nuair a dhéantar na caillteanais sin i mbliain an bháis.
Sa bhliain a fhaigheann duine bás, d'fhéadfadh caillteanais incheadaithe a bheith ag an duine sin nach bhféadtar a asbhaint ó ghnóthachain inmhuirir. Féadtar na caillteanais seo a asbhaint ó ghnóthachain an éagaigh do na trí bliana roimhe sin.
- Sampla 1
Dhíol Seán teach in 2024 agus bhí caillteanas €15,000 i gceist.
Sa bhliain chéanna, rinne sé gnóthachan €16,000 ar dhíol pictiúr.
Ríomh gnóthachan inmhuirir Sheáin
Cur síos | Luach |
An gnóthachan inmhuirir ar dhíol na bpictiúr
|
€16,000
|
Caillteanas ar dhíol an tí
|
€15,000
|
Gnóthachan inmhuirir glan
|
€1,000
|
Níl Seán faoi dhliteanas CGC mar go bhfuil a ghnóthachan níos lú ná an díolúine phearsanta €1,270. Déanann sé a thuairisceán CGC a thíolacadh roimh 31 Deireadh Fómhair 2025.
- Sampla 2
Dhíol Ádhamh teach in 2024 agus caillteanas €30,000 i gceist. Sa bhliain chéanna, rinne sé gnóthachan €10,000 ar dhíol pictiúr.
Rinne bean chéile Ádhaimh gnóthachan €5,000 ar dhíol seodra in 2024.
Ríomh gnóthachan inmhuirir Ádhaimh
Cur síos | Luach |
An gnóthachan inmhuirir ar dhíol na bpictiúr
|
€10,000
|
Caillteanas ar dhíol an tí
|
€30,000
|
Glanchaillteanas
|
€20,000
|
Gnóthachan inmhuirir an chéile ar dhíol seodra
|
€5,000
|
Caillteanas atá ar fáil le tabhairt ar aghaidh chuig bliain chánach amach anseo
|
€15,000
|
Níl íocaíocht CGC ag Ádhamh agus Íde. Is gá a tuairisceán a thíolacadh roimh 31 Deireadh Fómhair 2025.
Ar aghaidh: Scaireanna a dhíol nó a dhiúscairt