Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) ar dhíol, ar bhronntanas, nó ar mhalartú sócmhainne

Céard air a n-íoctar CGC?

Ní mór CGC a íoc ar ghnóthachain a dhéantar ó shócmhainn a dhíol, a bhronnadh nó a mhalartú, amhail:

  • talamh (lena n-áirítear talamh forbartha)
  • foirgnimh (tithe, árasáin nó maoin tráchtála)
  • scaireanna i gcuideachtaí (cónaitheach in Éirinn nó neamhchónaitheach)
  • Sócmhainní nach bhfuil foirm fisiceach acu amhail cáilmheas, paitinní agus cóipcheart
  • airgeadra (seachas airgeadra Éireannach)
  • sócmhainní trádála
  • polasaithe saoil eachtracha agus cistí eischósta
  • íocaíochtaí caipitiúla (i gcásanna áirithe).

Féadfaidh sé go mbeidh ort CGC a íoc ar ghnóthachain a dhéantar ar chineálacha eile sócmhainní. Samplaí de na sócmhainní seo ná seandachtaí, pictiúir agus seodra.

I gcásanna áirithe, féadfaidh sé go mbeidh faoisimh i gceist. Tugtar míniú ar na díolúintí ar an leathanach ‘Céard atá díolmhaithe ó CGC?’ sa rannán seo. Féadfaidh sé go mbeidh tú in ann creidmheas a éileamh má d’íoc tú CGC eachtrach ar mhaoin eachtrach.

Tabhair do d’aire

Is éard is talamh forbraíochta (lena n-áirítear foirgnimh) ann ná talamh i bPoblacht na hÉireann a dhiúscraítear ar phraghas atá níos mó ná a ‘luach úsáide reatha’.

Is éard atá i gceist le luach úsáide reatha ná luach margaidh na talún (seachas mion-fhorbraíocht) mura bhféadtar forbairt a dhéanamh uirthi.

Sócmhainní faoi úinéireacht chomhpháirteach

Má dhéantar sócmhainn atá faoi úinéireacht chomhpháirteach agat a dhiúscairt, ní íoctar CGC ach ar do sciar den ghnóthachan.

Cúiteamh agus airgead árachais

Féadtar caitheamh le hairgead a fhaightear mar chúiteamh agus le hairgead árachais mar dhiúscairt. Ní mór duit CGC a íoc air. Is airgead é seo a fhaightear mar seo:

  • cúiteamh ar dhamáiste nó scriosadh sócmhainne
  • cúiteamh ar chearta a forghéilleadh nó a géilleadh
  • íocaíochtaí árachais mar gheall ar chaillteanas, damáiste, dímheas nó scriosadh sócmhainne
  • cúiteamh ar úsáid nó saothrú sócmhainne.

Féadfaidh sé go n-úsáidtear an t-airgead chun an tsócmhainn a athsholáthar nó a dheisiú. Má dhéantar sin, féadtar CGC a iarchur go dtí go ndíoltar an tsócmhainn athsholáthraithe nó deisithe. Faoiseamh atá i gceist le CGC a iarchur nach mbaineann go huathoibríoch, féadtar é a éileamh:

Laghdaíonn an cúiteamh a fhaigheann tú costas na sócmhainne. Féadfaidh sé chomh maith costas athsholáthair na sócmhainne a laghdú má chaill tú é nó má scriosadh é.

Ar aghaidh: Díolúintí ó CGC