Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) ar dhíol, ar bhronntanas, nó ar mhalartú sócmhainne

Díolúintí ó CGC

Tá gnóthachain ar an aistriú sócmhainní áirithe díolmhaithe ó CGC. Ní gá CGC a íoc ar ghnóthachain a dhéanann tú ar dhiúscairt sócmhainní áirithe.

Ní gá CGC a íoc ar ghnóthachain ón méid seo:

  • gealltóireacht
  • buanna crannchuir
  • duaisbhannaí
  • scuabghill
  • bónais faoin Scéim Náisiúnta Tráthchoigilteas
  • stoic rialtais
  • polasaithe árachais saoil áirithe
  • maoin inaistrithe (amhail troscáin), i gcás nach sáraíonn an gnóthachan €2,540
  • ainmhithe
  • carranna príobháideacha.

Féadfaidh sé go mbeidh faoisimh ó CGC ar fáil. Tá díolúintí sonracha ann do chéilí nó páirtnéirí shibhialta, agus daoine aonair.

Tabhair do d’aire

Go ginearálta, ní ghearrtar CGC ar shócmhainn a aistríodh tar éis bháis. Má dhíolann ionadaí pearsanta an tsócmhainn le linn na tréimhse riaracháin, féadfaidh sé go mbeidh CGC dlite.

Má fhaigheann tú sócmhainn tar éis bháis, féadfaidh sé go mbeidh impleachtaí Cánach Fáltas Caipitiúil i gceist.

Díolúintí do chéilí nó páirtnéirí sibhialta

Go hiondúil, bíonn díolúine ó CGC i gcás gnóthachan ar shócmhainn a aistríodh idir céilí nó páirtnéirí sibhialta. Folaíonn an díolúine seo céilí colscartha, agus páirtnéirí sibhialta idirscartha nó iarpháirtnéirí sibhialta.

Ní bhaineann an díolúine seo nuair a aistrítear an méid seo:

  • stoc trádála gnó déanta agat, chuig do chéile nó páirtnéir sibhialta
  • sócmhainn chuig do chéile nó páirtnéir sibhialta neamhchónaitheach nach bhfuil faoi dhliteanas CGC
  • sócmhainn chuig d’iarchéile nó d’iarpháirtnéir sibhialta nach bhfuil clúdaithe ag ordú cúirte.

Díolúine Phearsanta

Gach bliain chánach, bíonn an chéad €1,270 de do ghnóthachan nó gnóthachain (tar éis caillteanais a bhaint) díolmhaithe ó CGC. Tá tú i dteideal na díolúine seo má tá tú cónaitheach nó neamhchónaitheach. Ní fhéadtar an díolúine seo a aistriú chuig do chéile nó páirtnéir sibhialta.

Is do dhaoine aonair amháin an díolúine seo, ní fhéadann cuideachta nó iontaobhas í a éileamh. 

Ar aghaidh: Cén uair agus cén chaoi a n-íoctar agus a dtíolactar CGC?