Eolas ar cháin tar éis méala

Céard is ionadaí pearsanta ann?

Tá ionadaí pearsanta freagrach as cúrsaí an duine éagtha a shocrú.

Mar ionadaí pearsanta féadtar thú a cheapadh:

  • mar sheiceadóir san uacht ag an duine éagtha
  • mar riarthóir sna cásanna seo:
    • nuair nach bhfuil uacht ann
    • nuair nach bhfuil seiceadóir ceaptha
    • nuair atá seiceadóir neamhthoilteanach nó gan a bheith in ann gníomhú.

Beidh ar ionadaí pearsanta iarratas a dhéanamh chun go gceapfar go dlíthiúil é nó í. D’fhéadfadh sé nó sí dlíodóir a fhostú chun cabhrú leis nó léi an obair a dhéanamh.

Ceaptar riarthóir san ord seo a leanas:

Tabhair do d’aire

Ceaptar riarthóir san ord seo a leanas:

1. Céile nó páirtnéir sibhialta

2. Leanbh

3. Leanbh linbh réamhéagtha

4. Tuismitheoir

5. Deartháir nó deirfiúr

6. Gaol níos faide.

An chaoi le bheith ceaptha go dlíthiúil mar ionadaí pearsanta

Ní mór duit iarratas a dhéanamh le hOifig Probháide na hArdchúirte chun Deonú Ionadaíochta a fháil. Deimhníonn sé seo do cheapachán mar an ionadaí pearsanta. Oibríonn sé mar ghealltanas d’institiúidí airgeadais go bhfuil sé slán sócmhainní an duine éagtha a thabhairt ar láimh duit.

Tugtar iad seo a leanas ar Dheonú Ionadaíochta freisin:

  • Deonú Probháide nuair atá uacht ann
  • Litreacha Riaracháin nuair nach bhfuil uacht ann.

Deonú Ionadaíochta

Chun Deonú Ionadaíochta a fháil, is gá duit an Ráiteas Cúrsaí (Probháid) a chomhlánú. Is cúntas ar eastát an duine éagtha é an Fhoirm SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid). Cabhróidh an Treoir ar Fhoirm SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) leat an fhoirm a chomhlánú.

Nuair a bheidh an fhoirm tíolactha, ginfear Fógra um Admháil go huathoibríoch:

  • chuig do Bhosca Isteach ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  • chuig do Bhosca Isteach ar moChúrsaí.

Ba chóir é seo agus aon pháipéarachas riachtanach a phriontáil agus a thabhairt chuig an Oifig Probháide nó chuig an gClárlann Probháide Ceantair.

Tabhair do d’aire

Má fuair an duine éagtha bás roimh an 5 Nollaig 2001, is gá Mionscríbhinn Ioncaim Intíre (Foirm C.A.24 leagan 2000) a chomhlánú.

Ar aghaidh: Dualgais ionadaí phearsanta