Eolas ar cháin tar éis méala

Dualgais ionadaí phearsanta

Nuair a fhaigheann duine bás, aistrítear eastát an duine sin chuig ionadaí pearsanta. Mar ionadaí pearsanta, ní mór duit na dualgais seo a leanas a dhéanamh laistigh de thréimhse ama réasúnta:

  • sócmhainní a bhailiú atá le dáileadh faoin uacht nó faoin díthiomnacht
  • fiachais a íoc
  • agus
  • na sócmhainní atá fágtha a roinnt idir na tairbhithe ainmnithe.

Dualgais chánach

Mar ionadaí pearsanta, ní mór duit:

  • na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoin mbás
  • aon cheisteanna cánach atá amuigh suas le dáta an bháis a shocrú
  • agus
  • cinntiú go bhfuil cáin íoctha ar aon ioncam nó gnóthachain caipitiúla a éiríonn aníos le linn na tréimhse ina bhfuil an t-eastát á riar.

An chaoi leis na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoin mbás

Mar ionadaí pearsanta, ní mór duit nó do do dhlíodóir ceaptha Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim an duine éagtha a chur ar an eolas chomh luath agus is féidir. Féadtar é seo a dhéanamh ar an bhfón, i scríbhinn, nó trí M'Fhiosruithe.

Ní mór duit an méid seo a leanas a chur in iúl dúinn:

  • dáta an bháis
  • agus
  • d’ainm agus do sheoladh. Cinntíonn sé seo gur chugatsa a sheolfaidh muid aon chomhfhreagras go dtí go bhfuil riar an eastáit tugtha chun críche.

Tá an méid seo a leanas ag teastáil uait:

Ceisteanna cánach réamhbháis a shocrú

Ní mór duit aon cheisteanna cánach atá amuigh roimh dháta an bháis a shocrú. Féadfaidh sé go mbeidh ort an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cáin amuigh a íoc ón eastát
  • aisíocaíocht a éileamh ón eastát.

Tabhair do d’aire

Má roinneann tú an t-eastát gan aon cháin dlite amuigh a íoc, féadfaidh sé go mbeidh ort an cháin a íoc thú féin.

Mura n-éilíonn tú aisíocaíocht chánach atá dlite don eastát, féadfaidh sé go mbeidh ort féin aisíocaíocht a dhéanamh leis an eastát.

Nuair a bhí an duine éagtha féinfhostaithe

Má bhí an duine éagtha féinfhostaithe, ní mór duit a chinntiú go bhfuil aon cháin amuigh íoctha ina hiomláine.

Féadfaidh tú a iarraidh ar a ngníomhaire aon tuairisceáin chánach amuigh a thíolacadh. Mura raibh aon ghníomhaire ann, beidh ort tuairisceáin pháipéir a thíolacadh.

Nuair ba fhostaí an duine éagtha

Má bhí an duine a fuair bás mar fhostaí faoin gcóras Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT), féadfaidh sé go bhfuil aisíocaíocht chánach dlite. Cuirfidh fostóir an éagtha na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas nuair a dhéantar an íocaíocht dheiridh. Éireoidh aon aisíocaíocht dhlite de bheith mar chuid d’eastát an éagtha.

Déileáil le cáin i rith na tréimhse riaracháin

Féadfaidh sé go dtógfaidh sé roinnt ama an t-eastát a riar. I rith na tréimhse seo, féadtar ioncam a thuilleamh agus gnóthachain a dhéanamh ar shócmhainní an eastáit.

Cén chaoi a ngearrtar cáin tar éis an bháis?

Ní mór duit Cáin Ioncaim a íoc ag an ráta caighdeánach i rith na tréimhse riartha.

Beidh ort an t-eastát a chlárú le haghaidh Cáin Ioncaim agus tuairisceáin a thíolacadh don eastát le haghaidh gach bliain, go dtí go ndáilfear na sócmhainní. Is éigean do gach eastát tíolacadh a dhéanamh go leictreonach.

Ní bhfaighidh tú aon chreidmheasanna cánach ná faoisimh le fritháireamh in aghaidh an ioncaim thuilte.

An mbeidh aon Cháin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) dlite?

Níl aon Cháin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) dlite ar bhás duine.

Má dhíolann tú, i do cháil mar ionadaí pearsanta, sócmhainn le linn na tréimhse riaracháin, féadfaidh sé go mbeidh CGC dlite. Ní beidh sé dlite ach amháin ar an méadú i luach na sócmhainne idir dáta an bháis agus dáta an díola.

Tabhair do d’aire

Tá an díolúine pearsanta € 1,270 teoranta do dhaoine aonair. Ní féidir le hionadaí pearsanta é a éileamh.

Níl CGC dlite ar shócmhainní a aistríonn tú chuig tairbhí i do cháil mar ionadaí pearsanta.

Ar aghaidh: Céard is eastát ann?