Céard is Cáin Bhreisluacha (CBL) ann?

Léargas ginearálta

Is cáin í Cáin Bhreisluacha (CBL) atá iníoctha ar sholáthar nó ar iompórtáil earraí agus ar sholáthar seirbhísí laistigh de chríocha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE). Tá an cháin, i ngach cás, iníoctha ar deireadh ag tomhaltóir deiridh an earra nó na seirbhíse. Gníomhaíonn gach páirtí i slabhra an tsoláthair (monaróir, mórdhíoltóir, miondíoltóir) mar bhailitheoir CBL.

Bailíonn siad CBL óna gcustaiméir féin agus cuireann siad an CBL sin san áireamh ar a dtuairisceán CBL chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Agus an CBL a bailíodh á thuairisciú, féadfaidh siad CBL a éileamh ar ais de réir mar is cuí, ar CBL é ghearr a gcuid soláthraithe orthu.  

Chun críocha CBL, cuimsíonn críocha an Stáit a fharraigí teorann. Síneann farraige teorann an Stáit go teorainn de 12 mhuirmhíle.

Mínítear sa rannán seo:

  • céard is daoine incháinithe agus daoine cuntasacha ann
  • díolúine ó CBL
  • frithmhuirear (féinchuntasaíocht)
  • gníomhaíochtaí cáilitheacha
  • agus
  • calaois CBL.

Ar aghaidh: Céard is daoine incháinithe agus daoine cuntasacha ann?