Céard is Cáin Bhreisluacha (CBL) ann?

Calaois CBL

Tá iarmhairtí ag baint le bheith páirteach in idirbhearta a bhaineann le calaois Cánach Breisluacha (CBL). Tá feidhm aige seo, fiú mura bhfuil na hidirbheart a bhfuil baint agat leo neamhdhleathach iad féin.

Gearrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim pionóis, nuair is cuí, agus féadfaidh sé go mbeidh an méid seo i gceist:

  • go gcaillfeá do theidlíocht chun CBL a éileamh ar ais
  • go bhféadfá a bheith faoi dhliteanas CBL in Éirinn ar  sholáthairtí laistigh den Chomhphobal a raibh ráta nialasach orthu roimhe sa chás go mbaineann na hidirbhearta gaolmhara le calaois.

Tá tuilleadh eolais ar an gcaoi le do ghnó a choinneáil slán ó chalaois CBL ar fáil sa rannán Treoir Bhreise