Céard is Cáin Bhreisluacha (CBL) ann?
Díolúine ó CBL
Sa chás nach soláthraíonn duine incháinithe ach earraí nó seirbhísí díolmhaithe, go ginearálta ní bhíonn siad i dteideal clárú le haghaidh Cánach Breisluacha (CBL).
I gcúinsí áirithe, áfach, féadfaidh sé go mbeidh ar an trádálaí clárú agus cuntas a thabhairt ar CBL. Tarlaíonn sé seo nuair a dhéanann an trádálaí fáltais laistigh den Chomhphobal, nó má tá seirbhísí á bhfáil aige ón gcoigríoch.
Sa chás go soláthraíonn duine incháinithe earraí nó seirbhísí incháinithe agus díolmhaithe araon, d'fhéadfadh sé go n-iarrfaí orthu clárú le haghaidh CBL.
Baineann clárú CBL le do sholáthairtí incháinithe amháin. Dá bhrí sin, má dhéanann tú gníomhaíochtaí díolmhaithe agus incháinithe araon, ní fhéadtar ach CBL a bhaineann le do ghníomhaíochtaí incháinithe a aiséileamh.
Maidir le forálacha speisialta i dtaca le maoin, féach an rannán CBL ar mhaoin agus tógáil.
Ar aghaidh: Céard is frithmhuirear (féinchuntasaíocht) ann?