Céard is Cáin Bhreisluacha (CBL) ann?

Céard is daoine incháinithe agus daoine cuntasacha ann?

Céard is duine incháinithe ann?

Is duine incháinithe é nó í duine ar bith a dhéanann gnó go neamhspleách san Aontas Eorpach (AE) nó in áit eile. Áirítear anseo daoine atá díolmhaithe ó Cháin Bhreisluacha (CBL) chomh maith le feirmeoirí (neamhchláraithe) ar chothromráta.

Céard is duine cuntasach ann?

 Is duine cuntasach é duine incháinithe (mar shampla, duine aonair, páirtíocht, comhlacht):

  • a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí incháinithe sa Stát
  • agus
  • atá cláraithe nó a bhfuil riachtanais orthu clárú le haghaidh CBL.

Dá réir, tá riachtanais orthu CBL a ghearradh sa Stát. 

Ar aghaidh: Díolúine ó CBL