Céard is Cáin Bhreisluacha (CBL) ann?

Céard is frithmhuirear (féinchuntasaíocht) ann?

De ghnáth, is é soláthraí na n-earraí nó na seirbhísí a ghearrann agus a thugann cuntas i leith Cáin Bhreisluacha (CBL). I gcúinsí áirithe, áfach, is ar an bhfaighteoir, seachas ar an soláthraí, atá an dualgas cuntas a thabhairt i leith an CBL dlite.

Baineann sé le:

  • fáltas earraí laistigh den chomhphobal ó Bhallstát eile
  • seirbhísí faighte ón gcoigríoch atá incháinithe san áit a bhfuarthas iad
  • fáltais seirbhísí cultúir, ealaíon nó siamsaíochta ón gcoigríoch ó dhaoine nach bhfuil bunaithe sa Stát
  • obair dheisithe, luachála nó conartha a dhéantar ar earraí inaistrithe i Stát eile, faoi chúinsí áirithe
  • earraí a shuiteáil nó a chóimeáil do dhaoine ainmnithe áirithe sa Stát ag soláthraí nach bhfuil bunaithe sa Stát
  • seirbhísí iompair agus coimhdeacha laistigh den Chomhphobal a soláthraíonn duine neamhbhunaithe do dhuine cuntasach sa Stát
  • seirbhísí tógála a sholáthraíonn fochonraitheoir do phríomhchonraitheoir, bíodh an fochonraitheoir bunaithe sa Stát nó neamhbhunaithe
  • gás a fháil tríd an gcóras dáilithe gáis nádúrtha, nó leictreachas, ó dhuine nach bhfuil bunaithe sa Stát ag catagóir áirithe daoine sa Stát
  • lamháltais astaíochtaí gáis ceaptha teasa a fháil ó dhuine eile incháinithe atá bunaithe sa Stát nó ar an gcoigríoch. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi Treoir Bhreise
  • úinéireacht earraí a aistrítear trí ordú dílseacháin chuig an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (NAMA)
  • sa chás go bhfuil duine incháinithe ag gabháil de ghnó sa Stát a chuimsíonn trádáil dramh-mhiotail
  • agus
  • soláthar oibre tógála sa Stát idir beirt daoine bainteacha.

Ar aghaidh: Céard is gníomhaíochtaí cáilitheacha ann?