Fáltais ó Ballstáit eile AE

Léargas ginearálta

Tarlaíonn soláthar agus fáltas earraí laistigh den Chomhphobal nuair a dhéantar earraí a sheoladh nó a iompar idir gnóthais i mBallstáit éagsúla de chuid an Aontais Eorpaigh (AE). Chun críocha Cánach Breisluacha (CBL), meastar go bhfuil dhá idirbheart tar éis tarlú: 

Baineann an rannán seo le cánachas earraí ar fáltais laistigh den chomhphobal iad. Tagraíonn fáltas laistigh den chomhphobal le hearraí inaistrithe a fháil ag gnóthas i mBallstát amháin ó ghnóthas i mBallstát eile de chuid an AE. Sna hidirbhearta seo, is é an ceannaitheoir is gá féinchuntasaíocht a dhéanamh don CBL amhail gurb iad féin a rinne an soláthar.

Mínítear sa rannán seo:

  • céard is féinchuntasaíocht i leith CBL ann
  • cén t-eolas is gá a sholáthar do na Coimisinéirí Ioncaim i dtaca le fáltais laistigh den chomhphobal
  • cén uair a theastaíonn clárú le haghaidh CBL mar gheall ar d'fháltais laistigh den Chomhphobal
  • cén uair is gá cuntas a thabhairt i leith CBL ar aistrithe idir brainsí
  • céard is VIES agus tuairisceáin Intrastat ann
  • céard a tharlaíonn nuair a cheannaíonn tú modhanna iompair nua ó Bhallstát eile de chuid an AE.

Ar aghaidh: Féinchuntasaíocht i leith Cáin Bhreisluacha (CBL)