Fáltais ó Ballstáit eile AE

Modhanna iompair nua a fháil ó Bhallstát eile

Má cheannaíonn tú modh nua iompair ó Ballstáit eile den Aontas Eorpach (AE) agus tógann tú isteach sa Stát é, beidh sé faoi réir Cáin Breisluacha (CBL) Éireannach. Ciallaíonn modh nua iompair mótarfheithicil, soitheach nó aerárthach. Leagtar amach ar an tábla thíos na sonraíochta cuí.

Modh iompair nua chun críocha CBL
IomparSonraíocht'Nua'
Mótarfheithiclí Os cionn 48cc nó os cionn
7.2kw cumhachta
6 mhí d'aois nó níos lú, nó 6,000km nó níos lú taistealta
Soitheach mara Os cionn 7.5 méadar ar fhad 3 mhí d'aois nó níos lú, nó 100 uair a chloig nó níos lú seolta
Aerárthach Meáchan éirithe os cionn
1,550kg
3 mhí d'aois nó níos lú, nó a eitlíodh ar feadh 40 uair a chloig nó níos lú

Cén uair a éiríonn CBL chun bheith iníoctha ar mhodh iompair nua?

Mótarfheithiclí nua

Tá CBL ar fáltas mótarfheithicil nua iníoctha de gnáth leis an Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF) ag:

  • daoine aonair príobháideacha.
  • daoine eile nach bhfuil i dteideal CBL a éileamh ar ais.

Mura bhfuil CCF i bhfeidhm, tá CBL iníoctha nach déanaí ná an 15ú lá den mhí tar éis na míosa ina dtarlaíonn an fáltas laistigh den Chomhphobal.

Soithigh agus aerárthaigh nua

Tá CBL ar fáltas soitheach nó aerárthach nua iníoctha chuig an oifig áitiúil Custaim ag:

  • daoine aonair príobháideacha
  • daoine eile nach bhfuil i dteideal CBL a éileamh ar ais.

Tá an CBL iníoctha nach déanaí ná trí lá tar éis dháta an tsroichte chun an Stáit.

Daoine cuntasacha

Ní mór do dhaoine cuntasacha atá i dteideal CBL a asbhaint ar fháltas modha iompair nua cuntas a thabhairt i leith CBL ina dtuairisceán CBL.