Fáltais ó Ballstáit eile AE

Cén t-eolas ar fháltais laistigh den chomhphobal nach mór a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim?

Ní mór duit sonraí a sholáthar i dtaca le d’fháltais uile laistigh den chomhphobal i do thuairisceán Cánach Breisluacha VAT3. Ní mór CBL a ghearradh ag an ráta cuí CBL Éireannaigh sa bhosca T1 (díolacháin). 

Féadfaidh tú an CBL sa bhosca T2 (ceannacháin) a aiséileamh, ag glacadh leis go bhfuil an ceannachán in-asbhainteach chun críocha CBL.

Ní mór luach na n-earraí a fuarthas a áireamh sa bhosca E2 (Fáltais Laistigh den Chomhphobal).

Ní mór freisin sonraí d'fháltas laistigh den chomhphobal a áireamh ar d’fhoirm bhliantúil don Tuairisceán Sonraí Trádála.

Cén uair a bhíonn CBL dlite ar fháltas laistigh den chomhphobal?

Tagann CBL chun bheith dlite:

  • ar dháta eisithe an tsonraisc
  • mura n-eisítear sonrasc, ar an 15ú lá den mhí tar éis an fháltais.

Bíonn an CBL iníoctha sa tuairisceán CBL don tréimhsí incháinithe a fhreagraíonn don dáta ar a dtagann CBL chun bheith dlite.

Meastar an CBL ar an bpraghas a ghearrtar ar na hearraí. Sa chás gur in airgeadra eachtrach atá sonrasc an tsoláthraí ba chóir úsáid a bhaint as an ráta malartaithe infheidhme nuair a thagann an CBL chun bheith dlite. 

Ar aghaidh: Cén uair a iarrtar clárú mar gheall ar ICA amháin?