Fáltais ó Ballstáit eile AE

Fáltais táirgí alcóil laistigh den Chomhphobal

I gcás fáltais alcóil laistigh den Chomhphobal, bíonn Cáin Bhreisluacha (CBL) iníoctha ag an am céanna a bhíonn an dleacht mháil iníoctha sa Stát. Tá an CBL inmhuirir ar phraghas sonraisc na n-earraí méadaithe leis an méid dleachta máil iníoctha.

Céard é an socrú dleachta ar fionraí?

Go hiondúil, ní bhíonn CBL inmhuirir i leith soláthar táirgí alcóil fad a choinnítear iad faoi shocrú dleachta ar fionraí, beag beann ar an foinse (iompórtálacha, fáltais laistigh de chomhphobal an Aontais Eorpaigh (AE) nó táirgí táirgthe sa bhaile).

Ní soláthar chun críocha CBL é táirgí alcóil a sholáthar fad is a choinnítear iad faoi dhleacht ar fionraí. Is é an soláthar deiridh atá faoi réir CBL. Tá an CBL iníoctha in éineacht leis an dleacht mháil ag an am a bhaintear na hearraí ó dhleacht ar fionraí. Ba chóir neamhaird a thabhairt ar aon soláthar, fáltas laistigh den chomhphobal nó iompórtáil roimhe sin.

Ní ar eisiúint an tsonraisc CBL ag am an tsoláthair a bheidh an CBL dlite ar sholáthar deiridh den chineál sin. Ina áit sin bheidh sé iníoctha ag an úinéir leis an dleacht mháil ag an am a bhaintear na hearraí ó dhleacht ar fionraí.

Sa chás go bhfuil táirgí alcóil soláthartha agus iad faoi shocrú dleachta ar fionraí:

  • ní ghearrfaidh an soláthraí CBL.
  • ní léireofar CBL ar aon sonrasc a eisítear i leith an tsoláthair.

Féach ar Treoir bhreise chun tuilleadh eolais a fháil faoi fháltais táirgí alcóil laistigh den Chomhphobal.

Ar aghaidh: Modhanna iompair nua a fháil ó Bhallstát eile