Fáltais ó Ballstáit eile AE

Féinchuntasaíocht i leith Cáin Bhreisluacha (CBL)

Faoi na rialacha um fháltas laistigh den Chomhphobal (ICA), iarrtar ar an gceannaitheoir féinchuntasaíocht a dhéanamh ar bhonn frithmhuirir. Ciallaíonn sé seo gur gá don chustaiméir gnó cuntas a thabhairt i leith na Cánach Breisluacha (CBL) ar cheannach na n-earraí ón mBallstáit eile.

Meastar soláthairtí laistigh den Chomhphobal (ICS) a bheith déanta ag an soláthraí sa Bhallstát eile.

Faoin gcóras seo:

  • déantar nialas-rátú ar an soláthar sa Bhallstát óna seoltar é mar ICS.
  • tá an ceannaitheoir faoi dhliteanas CBL ar fháil na n-earraí.
  • ní mór don cheannaitheoir cuntas a thabhairt i leith an CBL ina dtuairisceán CBL. Is é an ráta infheidhme ná an ráta CBL infheidhme ina mBallstát féin.
  • má bhíonn siad i dteideal creidmheas ionchuir don CBL iníoctha ar an ICA, déantar é seo a aiséileamh sa tuairisceán céanna CBL
  • agus
  • ní mór don cheannaitheoir cuntas a thabhairt i leith CBL ar aon soláthar earraí ina dhiaidh sin.

Ar aghaidh: Cén t-eolas ar fháltais laistigh den chomhphobal nach mór a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim?