VIES, Intrastat agus Cúnamh Frithpháirteach (VIMA)

Maidir le trádálaithe páirteach i soláthairtí laistigh den chomhphobal nó in éadálacha, tá freagrachtaí acu i gcórais VIES agus Intrastat. Ní mór do na trádálaithe seo faisnéis a chur ar fáil don fho-rannóg VIMA maidir lena dtrádáil le Ballstáit eile den Aontas Eorpach (AE).

Cúnamh Frithpháirteach (fíorú uimhreacha Cánach Breisluacha (CBL))

Féadann trádálaithe Éireannacha na huimhreacha clárúcháin CBL a luann a gcustaiméirí i mBallstáit eile a fhíorú. Féadtar é seo a dhéanamh ach logáil isteach ar an suíomh idirlín Europa ag Shuíomh idirlín Europa - VIES.

An Córas Malartaithe Faisnéise CBL (VIES)

Gach trádálaí CBL Éireannach a dhéanann rátáil nialasach ar earraí nó ar sheirbhísí, nó ar an dá rud, chuig trádálaí atá cláraithe le haghaidh CBL i mBallstát eile, ní mór dóibh ráiteas VIES a thíolacadh. Tá sé seo i bhfeidhm, is cuma luach na n-earraí nó na seirbhísí.

Chun clárú le haghaidh VIES, comhlánaigh an Fhoirm Clárúcháin VIES.

Le haghaidh eolais ar an bpróiseas um thuairisceáin mhóra a thíolacadh, féach an VIES large filer guide.

Chun eolas a fháil maidir le tuairisceáin VIES a ullmhú ag baint úsáide as an Áis Ullmhaithe Tuairisceáin (RPF), féach thíos le do thoil.

Intrastat

Ní mór don uile thrádálaí atá cláraithe le haghaidh CBL na boscaí E1 agus E2 ar a dtuairisceáin VAT 3 a chomhlánú. Ní mór an tuairisceán míosúil mionsonraithe Intrastat a chomhlánú sa chás: 

  • gur mó ná €750,000 do chuid iompórtálacha bliantúla ó Bhallstáit eile
  • gur mó ná €750,000 do chuid easpórtálacha bliantúla chuig Ballstáit eile.

Féadtar tuairisceáin Intrastat a thíolacadh trí úsáid a bhaint as an Áis Ullmhaithe Tuairisceáin (RPF). Is féidir sonraí a chur isteach go díreach, nó is féidir comhad CSV a iompórtáil. Tá teimpléid de na comhaid CSV ar fáil thíos.

Eolas breise

Féadtar eolas a fháil faoi Intrastat sa INTRASTAT trader's' manual. Chun faisnéis nuashonraithe a fháil faoin gcóras VIES, féach VIES trader's manual. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le VIES, Intrastat, Mutual Assurance (VIMA).