Fáltais ó Ballstáit eile AE

Céard is VIES agus Intrastat ann?

Faoi na córais seo a leanas, tá freagrachtaí breise tuairiscithe ar thrádálaithe atá cláraithe le haghaidh CBL agus atá i mbun earraí a fháil agus soláthairtí laistigh den chomhphobal:

  • An Córas Malartaithe Faisnéise CBL (VIES)
  • córas Intrastat.

An Córas Malartaithe Faisnéise CBL (VIES)

Tríd an gcóras VIES, cuirtear meicníocht ar fáil trína bhféadtar seiceálacha a dhéanamh i ngach Ballstát i dtaca le bailíocht éileamh ar nialas-rátú. Cabhraíonn sé le gluaiseachtaí neamhthuairiscithe earraí nialas-rátaithe idir Ballstáit a bhrath.

Tríd an gcóras VIES, ligtear do thrádálaithe uimhreacha CBL a gcustaiméirí i mBallstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) a dheimhniú. Ceadaíonn sé seo bailíocht na huimhreacha CBL a thugtar don thrádálaithe a seiceáil. Baineann an córas VIES le trádáil laistigh den AE amháin.

Iarrtar ar thrádálaithe atá cláraithe le haghaidh CBL tuairisceáin thréimhsiúla a thíolacadh i dtaca lena soláthairtí AE. Tá tuilleadh eolais ar oibleagáidí tuairiscithe an chórais VIES ar fáil faoi Treoir breise.

Intrastat

Is é Intrastat an córas trína mbailítear staitisticí ar ghluaiseacht earraí, seachas seirbhísí, idir Ballstáit de chuid an AE. Tá coincheap ghinearálta na staitisticí trádála laistigh den AE neamhspleách ar úinéireacht na n-earraí. Baineann sé lena ngluaiseacht amháin.

Tá tuilleadh eolais ar Intrastat ar fáil faoi Treoir breise.

Ar aghaidh: Fáltais táirgí alcóil laistigh den Chomhphobal