Fáltais ó Ballstáit eile AE

Cén uair a iarrtar clárú mar gheall ar ICA amháin?

De ghnáth, iarrtar ar ghnóthais atá cláraithe le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) féinchuntasaíocht a thabhairt i leith gach fáltas laistigh den Chomhphobal agus níl siad faoi réir tairseach ar leith.

Sa chás áfach:

  • aon ghnóthais atá díolmhaithe ina n-iomláine
  • agus
  • eintitis eile a bhfuil a soláthairtí taobh amuigh de scóip an CBL

iarrtar orthu clárú i dtaca le fáltais earraí laistigh den chomhphobal ar mó a luach, nó ar cosúil gur mó a luach ná €41,000 in aon tréimhse leanúnach 12 mhí.

Samplaí de ghnóthais nó eintitis is ea an méid seo a leanas, agus tuilleadh eile nach iad:

  • comhlachtaí árachais
  • cumainn foirgníochta
  • údaráis phoiblí
  • ospidéil
  • carthanais.

Ní mór do chomhlachtaí dá leithéid cuntas a thabhairt i leith CBL ar ICA ag an ráta cuí. De ghnáth ní bhíonn comhlachtaí den chineál seo i dteideal CBL a asbhaint, lena n-áirítear CBL a thabhaítear ar ICA.

Ar aghaidh: Céard is VIES agus Intrastat ann?