Céard iad rátaí CBL ann?

Ráta nialasach CBL

Baineann an ráta nialasach Cánach Breisluacha (CBL) le hearraí agus seirbhísí áirithe, lena n-áirítear:

  • easpórtálacha
  • soláthairtí earraí laistigh den chomhphobal do dhaoine cláraithe le haghaidh CBL i mBallstáit eile den Chomhphobal
  • bia agus deoch áirithe
  • míochaine áirithe béil, míochaine nach gcaitear de bhéal agus táirgí sláintíochta
  • leabhair, ríomhleabhair agus closleabhair áirithe
  • nuachtáin agus ríomhnuachtáin áirithe
  • ábhar beathúcháin ainmhíoch áirithe, leasacháin áirithe, síolta agus plandaí úsáidte chun bia a tháirgeadh
  • painéil ghréine a sholáthar agus a shuiteáil ar áiteanna cónaithe príobháideacha agus ar scoileanna aitheanta
  • éadach agus coisbheart oiriúnach do leanaí faoi 11 bhliain d’aois
  • agus
  • soláthairtí ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim do dhaoine cláraithe le haghaidh CBL faoin scéim rátála nialasaí do ghnóthais cháilithe.

Ar aghaidh: Ráta CBL do bheostoc