Céard iad rátaí CBL ann?

Ráta laghdaithe CBL

Rátaí reatha

Baineann an ráta laghdaithe Cánach Breisluacha (CBL) le hearraí agus seirbhísí áirithe, lena n-áirítear:

  • ligin óstáin, amhail tithe aíochta, páirceanna carbhán nó láithreacha campála[1]
  • ceadanna isteach do phictiúrlanna, amharclanna, léirithe ceoil, músaeim, taispeántais nó dánlanna ealaíne[1]
  • na cineálacha seirbhísí siamsaíochta a bheadh ar fáil de ghnáth i bpáirceanna aonaigh nó páirceanna siamsaíochta[1]
  • cead isteach d’fheirm oscailte[1]
  • ábhar áirithe clóite, amhail bróisiúir, bileoga eolais, catalóga nó ceol clóite (seachas leabhair)[1]
  • breoslaí áirithe
  • seirbhísí foirgníochta áirithe
  • seirbhísí deisithe
  • seirbhísí glantóireachta agus cothabhála (go ginearálta)
  • soláthairtí grianghrafadóireachta áirithe
  • saothair ealaíne agus seandachtaí áirithe a iompórtáil
  • capaill bheo a sholáthar, seachas iad siúd a raibh sé i gceist iad a úsáid chun bia-ábhair a ullmhú nó i dtáirgeadh talmhaíochta
  • capaill a fhruiliú
  • cúnna a sholáthar
  • seirbhísí treoraithe turais
  • agus
  • fruiliú gearrthéarmach.

[1]Tá an ráta laghdaithe CBL i bhfeidhm ón 01 Meán Fómhair 2023.

Rátaí roimhe seo

Maidir leis an tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2026, baineann an ráta laghdaithe leis na nithe seo a leanas:

  • soláthairtí lónadóireachta agus bialainne (seachas alcól, deochanna boga agus uisce buidéil)
  • bia beir leat te, agus tae agus caife te
  • agus
  • seirbhísí gruagaireachta.

Ar aghaidh: An dara ráta laghdaithe CBL