Céard a tharlaíonn nuair a thagann athrú ar rátaí CBL?
Más duine cuntasach thú, i gcuinsí áirithe, ní mór duit sonrasc bailí i leith Cáin Bhreisluacha(CBL) a eisigh.
Nuair a thugtar cuntas i leith CBL ar bhonn sonraisc, ní mór duit an ráta CBL a ghearradh atá infheidhme ag an am a bhíonn ort an sonrasc a eisiúint.
Nuair atá soláthairtí le déanamh le daoine neamhchláraithe, ní mór duit an ráta CBL a ghearradh atá infheidhme ag am an tsoláthair.
Ní mór do dhaoine a thugann cuntas i leith CBL ar bhonn airgid a fuarthas, an ráta CBL a ghearradh atá infheidhme ag am an tsoláthair.
Tá tuilleadh eolais ar fáil sa rannán Treoir breise ar ghnásanna atá le leanúint ag trádálaithe cláraithe le haghaidh CBL nuair a thagann athrú ar ráta CBL.