CBL a ghearradh ar earraí

Léargas ginearálta

Tugtar míniú sa rannán seo:

  • ar céard is soláthar earraí ann
  • ar na rialacha maidir le háit soláthair earraí
  • ar céard a tharlaíonn nuair a chuireann gnóthas earraí chun críocha úsáid phríobháideach nó dhíolmhaithe
  • ar an uair a bhíonn nó nach mbíonn bronntanais, earraí fógraíochta, samplaí agus athsholáthairtí incháinithe
  • ar céard a tharlaíonn nuair a soláthraíonn úinéirí áitribh áitreabh do thrádálaithe neamhbhunaithe nó do thionscnóirí
  • ar an uair nach mbíonn soláthar earraí incháinithe.

Céard is earraí ann chun críocha CBL?

Is earraí iad gach ní inaistrithe agus do-aistrithe, bíodh siad nua nó úsáidte.

Áirítear sa téarma ‘earraí’:

  • leictreachas
  • gás
  • agus
  • aon chineál cumhachta, teasa, cuisniúcháin, nó aeraithe.

Ní earraí iad ‘ábhair i gcaingean’ ná airgead.

Ar aghaidh: Céard is soláthar earraí ann?