CBL a ghearradh ar earraí

Earraí a atreoraítear chun úsáide príobháidí nó díolmhaithe (féinsholáthar)

Tarlaíonn féinsholáthar earraí nuair a atreoraíonn duine cuntasach earraí chun úsáide príobháidí nó díolmhaithe.

De ghnáth, bheadh an Cháin Bhreisluacha (CBL) ar cheannachán bunaidh na n-earraí seo aiséilithe ag duine cuntasach. Tar éis an fhéinsholáthar, tá sé de dhualgas ar duine cuntasach an CBL a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim.

Sampla 1

Tógann seodóir uaireadóir ó stoc trádála lena n-úsáid phearsanta féin i mí an Mharta 2021:

Úsáid phríobháideach

Sonraí

Iomlán

Costas an uaireadóra, CBL san áireamh

€1,230

An chuid CBL a áiríodh ag 23%

€230

De ghnáth bheadh an seodóir i dteideal asbhaint CBL. Anois, áfach, ní mór don seodóir cuntas a thabhairt i leith an CBL mar gheall ar atreorú na n-earraí chuig úsáid phríobháideach.

Tá sé de dhualgas ar an seodór cuntas a thabhairt i leith an fhéinsholáthair tríd CBL ar dhíolacháin a mhéadú (T1) faoi €230 i dTuairsceán CBL Mhárta go hAibreán 2021.

Sampla 2

Úsáideann tógálaí ábhair thógála ar luach €3,690 chun a theach príobháideach féin a athchóiriú nó a dheisiú i Meitheamh 2021:

Úsáid phríobháideach

Sonraí

Iomlán

Costas na n-ábhar CBL san áireamh

€3,690

An chuid CBL a áiríodh ag 23%

€690

De ghnáth bheadh an tógálaí i dteideal asbhaint CBL. Anois, áfach, ní mór don tógálaí cuntas a thabhairt i leith an CBL mar gheall ar atreorú na n-earraí chuig úsáid phríobháideach.

Tá dualgas ar an tógálaí cuntas a thabhairt i leith CBL ar an bhféinsoláthar tríd CBL ar dhíolacháin a mhéadú (T1) faoi €690 i dtuairisceán CBL Bhealtaine go Meitheamh 2021.

Sampla 3

Atreoraíonn díoltóir carrana carr óna stoc trádála lena úsáid ina ghnólacht tacsaithe atá díolmhaithe ó CBL i mBealtaine 2021

Úsáid gnó dhíolmhaithe

Sonraí

Iomlán

Costas na feithicle CBL san áireamh

€28,290

An chuid CBL a áiríodh ag 23%

€5,290

Creidmheas CBL a éilítear ar cheannach mar stoc

€5,290

De ghnáth bheadh an díoltóir carranna i dteideal asbhaint CBL. Anois, áfach, ní mór don díoltóir carranna cuntas a thabhairt i leith an CBL mar gheall ar atreorú na n-earraí chuig úsáid dhíolmhaithe i.e. a ghnólacht tacsaithe.

Tá dualgas ar an tógálaí cuntas a thabhairt i leith CBL ar an bhféinsoláthar tríd CBL ar dhíolacháin a mhéadú (T1) faoi €5,290 i dtuairisceán CBL Bhealtaine go Meitheamh 2021.

Ar aghaidh: CBL ar bhronntanais, earraí fógraíochta, samplaí agus athsholáthairtí