CBL a ghearradh ar earraí

Céard is soláthar earraí ann?

Áirítear i soláthar earraí an méid seo a leanas:

  • aistriú úinéireachta earraí trí chomhaontú
  • earraí inaistrithe a dhíol ar bhonn coimisiúin ag ceantálaithe nó gníomhaithe. Is gá dóibh a bheith ag feidhmiú ina n-ainm féin ach faoi threoir duine eile
  • earraí a thabhairt ar láimh faoi chonradh fruilcheannaigh
  • earraí do-aistrithe a thabhairt ar láimh ó dhuine amháin go duine eile – maoin a forbraíodh
  • earraí a urghabháil ag sirriam nó duine eile ag gníomhú faoi údarás reachtúil
  • iarratas déanta ag duine cuntasach earraí inaistrithe a aistriú go húsáid phríobháideach nó dhíolmhaithe
  • earraí arna sealbhú ag daoine cuntasacha seachas chun críocha a ngnó féin
  • leictreachas, gás, nó aon fhoirm chumhachta, theasa, chuisniúcháin, nó aeraithe a sholáthar
  • earraí a aistriú ó ghnóthas sa Stát ag duine incháinithe go Bhallstát eile AE. Tá soláthar earraí sa chás seo chun críocha gnó.

Ar aghaidh: Céard iad na rialacha maidir le háit soláthair earraí?