CBL a ghearradh ar earraí

CBL ar bhronntanais, earraí fógraíochta, samplaí agus athsholáthairtí

Tugtar míniú ar an leathanach seo ar an uair a bhíonn an méid seo a leanas faoi dhliteanas Cánach Breisluacha (CBL):

  • bronntanais
  • earraí fógraíochta
  • samplaí
  • athsholáthairtí.

Bronntanais

Bíonn dliteanas i leith CBL ar earraí a úsáidtear le haghaidh do ghnóthais. Má tá a gcostas duit €20 nó níos lú (gan CBL san áireamh), áfach, níl CBL dlite orthu.

Is gá duit cuntas a thabhairt i leith CBL ar chostas iomlán na mbronntanas, má tá an costas ar leith ó CBL níos mó ná €20.

Is é an méid atá inmhuirir ná an bunchostas duit (gan CBL san áireamh).

I gcás bronntanais a chosnaíonn níos mó ná €20 (gan CBL san áireamh), ní thugtar liúntas do na méideanna faoina bhfuil bronntanais neamh-incháinithe.

Braitheann an ráta CBL ar na hearraí i gceist.

Earraí fógraíochta agus samplaí tionsclaíocha

Ní earraí incháinithe iad earraí fógraíochta ná samplaí tionsclaíochta a thugtar don phobal saor in aisce i méideanna réasúnta. Is ionann an scéal fiú nuair a sháraíonn luach na samplaí an teorainn €20.

Is gá na hearraí fógraíochta agus samplaí tionsclaíocha a bheith i bhfoirm nach bhfuil ar fáil go ginearálta lena ndíol leis an bpobal.

Earraí athsholáthair

Ní earraí incháinithe iad earraí athsholáthair a chuirtear ar fáil saor in aisce de réir barántas nó ráthaíochta ar na bunearraí.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL maidir le bronntanais agus earraí promóisin le fáil sa rannán Treoir breise.

Ar aghaidh: Rialacha speisialta d'áitribh ghnó agus úinéirí talún