CBL a ghearradh ar earraí

Rialacha speisialta d'áitribh ghnó agus úinéirí talún

Tá oibleagáidí ag úinéirí áitribh nuair a sholáthraíonn trádálaithe neamhbhunaithe agus tionscnóirí neamhbhunaithe earraí nó seirbhísí ar a n-áitreabh nó talamh.

Áitreabh nó talamh soláthraithe do thrádálaí neamhbhunaithe

Ní mór d’úinéirí áitribh na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas maidir le haon duine neamhbhunaithe a bhfuil sé beartaithe acu earraí a sholáthar ar a n-áitreabh ar feadh tréimhse níos lú ná 28 lá.

Ní mór duit an t-eolas seo a leanas a sholáthar tráth nach déanaí ná 14 lá sula bhfuil sé beartaithe ag an duine neamhbhunaithe trádáil a dhéanamh ar an áitreabh nó talamh:

  • ainm agus seoladh an duine neamhbhunaithe
  • na dátaí atá ar intinn ag an duine neamhbhunaithe trádáil a dhéanamh ar áitreabh nó talamh
  • seoladh an áitribh nó na talún ar a dtarlóidh na soláthairtí.

Mura gcuirfear na mionsonraí seo ar fáil féadfaidh sé go mbeidh tú faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith an CBL atá dlite ag an duine neamhbhunaithe sin.

Áitreabh nó talamh soláthraithe do thionscnóir neamhbhunaithe

Féadtar tionscnóir neamhbhunaithe seirbhísí cultúir, ealaíon, siamsaíochta nó a leithéid ar d’áitreabh nó talamh. Sa chás seo, ní mór duit an t-eolas seo a leanas a sholáthar do na Coimisinéirí Ioncaim tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an imeacht:

  • ainm agus seoladh an tionscnóra
  • sonraí na himeachta.

Ar aghaidh: Cén uair nach mbíonn soláthar earraí incháinithe?