Trádálaithe neamhbhunaithe i mbun ghnó in Éirinn

Léargas ginearálta

Is duine a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí gan áit ghnó socraithe aige sa Stát é trádálaí neamhbhunaithe.

Is é feidhm an rannáin seo ná na ceisteanna éagsúla a bhaineann le Cáin Bhreisluacha (CBL) a gcuireann isteach ar thrádálaithe neamhbhunaithe, ar nós:

  • cén uair ba chóir clárú do agus cuntas a thabhairt ar CBL
  • oibleagáidí nuair atá seirbhísí tógála á sholáthar sa Stát
  • céard a tharlaíonn nuair a shuiteáiltear nó nuair a choimeáiltear earraí sa Stát
  • gás a sholáthrú tríd an gcóras gáis nádúrtha nó leictreachas
  • céard a tharlaíonn nuair a choinnítear stoc a sholáthraigh ballstát an Aontais Eorpaigh sa stát le soláthar ar aghaidh
  • cé a thugann cuntas ar CBL d’earraí a sheachadaigh soláthraithe lasmuigh den Aontas Eorpaigh
  • céard a tharlaíonn nuair a iompórtálann trádálaí neamhbhunaithe earraí isteach sa Stát.

Ba chóir iarratais ar chlárúchán a sheoladh chuig:

Clárúcháin Chánacha Gnó
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Bosca PO 1
Loch Garman.

Ar aghaidh: Trádálaithe neamhbhunaithe ag soláthar earraí agus seirbhísí in Éirinn