Cén chaoi a gcláraítear le haghaidh CBL?

Cláraigh ar líne trí ROS

Féadfaidh tusa, nó do ghníomhaire cánach, do ghnóthas a clárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) le Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Chun leas a bhaint as an áis seo, ní mór do do ghnóthas a bheith bunaithe sa Stát.

Céard iad na foirmeacha clárúcháin ba chóir a chomhlánú ar líne?

Ba chóir d’iarratasóirí a bhfuil gnóthais bunaithe sa Stát acu na foirmeacha seo a leanas a chomhlánú ar líne:

  • Foirm chlárúcháin TR1 do dhaoine aonair, trádálaithe aonair, iontaobhais agus comhpháirtíochtaí
  • Foirm chlárúcháin TR2 do chuideachtaí teoranta.

An bhféadtar foirm iarratais páipéir a thíolacadh?

Seolfar ar ais chugat nó chuig do gníomhaire iarratais pháipéir a fhaightear a d’fhéadfaí a chomhlánú ar líne. In éineacht leis an iarratas a chuirtear ar ais, cuirfear iarratas go ndéileálfaí leis an iarratas ar líne.

I gcásanna áirithe eisceachtúla, féadfaidh iarratasóirí nach bhféadann ROS a úsáid an leagan páipéir den fhoirm a chomhlánú. Cuirtear an leagan páipéir ar aghaidh chuig an oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Féadtar na sonraí teagmhála go léir a fháil sa rannán Déan teagmháil linn ar ár suíomh idirlín.

Ba chóir d’iarratasóirí a bhfuil gnóthais acu nach bhfuil bunaithe sa Stát leagan páipéir de na foirmeacha seo a leanas a thíolacadh:

  • TR1(FT) foirm chlárúcháin do dhaoine aonair, trádálaithe aonair, iontaobhais agus comhpháirtíochtaí
  • TR2(FT) foirm chlárúcháin do chuideachtaí teoranta.

Ba chóir an fhoirm ábhartha a chur faoi bhráid:

Clárúcháin Chánacha Gnó
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Bosca PO 1
Loch Garman.

Cén uair a thagann an clárúchán CBL i bhfeidhm? 

De ghnáth, tagann clárúchán CBL i bhfeidhm ón dáta a bheidh le feiceáil ar an bhfoirm clárúcháin. Uaireanta, dáta ón am atá caite a bhíonn ann, faoi mar  atá aontaithe ag Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ní bheidh an dáta feidhme níos luaithe ná tús na tréimhse incháinithe ina ndéantar an t-iarratas. Bíonn sé seo amhlaidh má shocraíonn tú clárú

Má thagann athrú ar aon eolas a sholáthraíonn tú, ní mór duit é a chur in iúl do d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim taobh istigh de 30 lá.

Cén chaoi a ndéantar athchlárú le haghaidh CBL?

Má tá do clárúchán CBL curtha ar ceal agus más mian leat clárú arís, féadtar é seo a dhéanamh leis an áis ríomhChlárúchán de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. 

Agus tú cláraithe le haghaidh CBL, ní mór duit tuairisceáin agus íocaíochtaí cánach a thíolacadh go leictreonach. Féach an rannán Ríomhthíolacadh éigeantach chun tuilleadh eolais a fháil ar do cháin a íoc agus a thíolacadh ar líne.