Clárú le haghaidh cánach

Éigeantacht cánacha a íoc agus tuairisceáin chánach a thíolacadh go leictreonach

Is trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a dhéantar an tíolacadh agus íoc leictreonach éigeantach. Tá sé seo mar chuid de straitéis na gCoimisinéirí Ioncaim chun tús a chur le cainéil leictreonacha a úsáid mar an ngnáthbhealach chun cúrsaí cánach a dhéanamh.

Áis idirlín is ea ROS trína gcuirtear bealach tapa agus slán ar fáil chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • dliteanais chánach a ríomh
  • tuairisceáin chánach a thíolacadh
  • teacht ar do shonraí cánach
  • aisíocaíochtaí a éileamh.

Tá áiseanna ROS ar fáil 24 uair sa lá, seacht lá sa tseachtain, 365 lá sa bhliain. Féadtar leas a bhaint as síneadh ama ar spriocdhátaí reatha chun cáin a íoc agus tuairisceáin a thíolacadh sa chás go n-úsáideann tú ROS chun íocaíocht agus tíolacadh araon a dhéanamh.

Tá dualgas dlíthiúil ar mhórchuid mór chustaiméirí gnó na gCoimisinéirí Ioncaim chun ríomhthíolacadh agus ríomh-íocaíocht a dhéanamh. Mura n-úsáideann tú ROS chun do thuairisceáin a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh, féadfaidh sé go mbeidh ort pionós €1,520 a íoc ar gach idirbheart. 

Féach an liosta thíos list of specified tax returns and related tax liabilities that must be paid and filed electronically le haghaidh tuilleadh eolais.

Go ginearálta, ní eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim seiceanna nuair a bhíonn aisíocaíocht chánach dlite. Aistreoidh muid aisíocaíochtaí go leictreonach isteach i do chuntas bainc. Mar sin, teastaíonn do chuid sonraí cuntais bainc a bheith ar do thaifead ROS. Féadtar na sonraí seo a chur isteach mar seo a leanas:

  • Logáil isteach ar ROS agus cliceáil ar an leathanach ‘Mo Sheirbhísí Féin’.
  • Cliceáil ar ‘Bainistigh Cuntas Bainc’.
  • Roghnaigh ‘Ríomhaistriú Airgid a Riar’ faoin rannán Aisíocaíochtaí.

Ar aghaidh: Cén chaoi le clárú le haghaidh cánach mar chuideachta nua