Clárú le haghaidh cánach

Léargas ginearálta

Ní mór duit clárú le haghaidh cánach leis na Coimisinéirí Ioncaim:

  • nuair a thagann tú chun bheith i do thrádálaí aonair
  • nuair a bhunaíonn tú iontaobhas nó comhpháirtíocht
  • nuair a thosaíonn tú cuideachta nua.

Is é an bealach is tapúla, is saoire, agus is éifeachtúla chun clárú le haghaidh cánach ná clárú a dhéanamh ar líne (ríomh-Chlárúchán).

Má thíolacann tú iarratas páipéir nuair a bhí sé de cheart agat iarratas ar líne a thíolacadh, ní phróiseálfar é. Cuirfear an chóip pháipéir ar ais chugat le treoir ann faoin bpróiseas clárúcháin a chomhlánú trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Má tá gníomhaire cánach ag déanamh ionadaíochta ar son do chuideachta, ní mór dóibh iarratas clárúcháin a thíolacadh ar líne ar do shon trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Mura bhfuil gníomhaire cánach ag déanamh ionadaíochta ar do chuideachta, ní mór do do chuideachta cóip pháipéir den fhoirm ábhartha a leanas a thíolacadh:

Chun tuilleadh eolais a fháil ar conas na foirmeacha a sheoladh, féach an rannán 'Faisnéis Bhreise' d'Fhoirmeacha TR2 agus TR2 (FT).

Ar aghaidh: Céard is Uimhir Chláraithe Cánach ann?