Clárú le haghaidh cánach

ríomh-Chlárúchán

Leis an tseirbhís ríomh-Chlárúcháin seo, féadann custaiméirí agus gníomhairí a gclárúcháin uile a bhainistiú ar líne. Trí ríomh-Chlárúchán, féadtar do chlárúchán gníomhach le haghaidh cánacha a chur ar ceal agus athchlárú le haghaidh na gcánacha seo freisin.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Má tá tú ag clárú le haghaidh Cáin Ioncaim amháin, féadtar teacht ar an tseirbhís in moChúrsaí trí ‘Bainistigh Mo Thaifead’ agus ‘Clárúcháin Chánach’.

Má thagann tú ar an tseirbhís trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid, féadfaidh tú clárú le haghaidh:

Tabhair do d’aire

Má tá tú cláraithe le haghaidh moChúrsaí, féadtar teacht ar rogha níos tapúla ‘Cláraigh le haghaidh ROS’. Is do chustaiméirí ROS nua é seo agus tá sé ar fáil ar an gcluaisín ‘Bainistigh Mo Thaifead’ in moChúrsaí.

Custaiméirí nach bhfuil incháilithe le haghaidh ríomh-Chlárúchán

Níl custaiméirí áirithe incháilithe le haghaidh ríomh-Chlárúchán. Is iad sin:

  • daoine aonair nach bhfuil incháilithe faoi láthair chun clárú le haghaidh moChúrsaí nó ROS
  • céilí neamh-inmheasúnaithe
  • cuideachtaí nach bhfuil stiúrthóirí atá cónaitheach in Éirinn acu
  • comhlachtaí neamhchorpraithe agus eagraíochtaí neamhbhrabúis (scoileanna, boird bhainistíochta, carthanais, mar shampla), nach ndéanann gníomhaire ionadaíocht dóibh
  • seiceadóirí
  • gníomhairí bailiúcháin.

Mura bhfuil tú incháilithe le haghaidh ríomh-Chlárúchán, ní mór ceann de na foirmeacha seo a leanas a chomhlánú agus a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim:

  • Foirm TR1 do chustaiméirí cónaitheach, comhpháirtíochtaí, iontaobhais agus comhlachtaí neamhchorpraithe
  • Foirm TR1 (FT) do chustaiméirí neamhchónaitheacha, comhpháirtíochtaí, iontaobhais agus comhlachtaí neamhchorpraithe. 
  • Foirm TR2 do chuideachtaí cónaitheacha atá ag clárú le haghaidh cánach in Éirinn
  • Foirm TR2 (FT) do chuideachtaí neamhchónaitheach atá ag clárú le haghaidh cánach in Éirinn. 

Ar aghaidh: Cén chaoi le clárú le haghaidh cánach mar thrádálaí aonair