Treoir maidir le féinmheasúnú

Léargas ginearálta

Mínítear sa rannán seo bunphrionsabail an chórais féinmheasúnaithe mar a bhaineann sé le Cáin Ioncaim. Tá eolas ann faoin méid seo:

Faoin gcóras féinmheasúnaithe, tá dáta coiteann ann chun cáin a íoc agus tuairisceáin chánach a thíolacadh. Ní mór duit do thuairisceán cánach a thíolacadh ar, nó roimh an 31 Deireadh Fómhair sa bhliain tar éis na bliana lena mbaineann an tuairisceán. Faoi gcóras seo, ar a dtugtar Íoc agus Tíolaic, iarrtar ort:

  • do thuairisceán a thíolacadh don bhliain roimhe
  • féinmheasúnú a dhéanamh i leith na bliana sin
  • iarmhéid na cánach don bhliain sin a íoc
  • agus
  • réamhcháin a íoc don bhliain reatha.

Ní mór duit féinmheasúnú a dhéanamh agus do Thuairisceán Cánach Ioncaim bliantúil á thíolacadh agat. Déantar eisceacht nuair a thíolacann tú tuairisceán páipéir ar nó roimh an 31 Lúnasa laistigh den bhliain chánach. Féadtar tuilleadh eolais ar an bhFoirm 11 a chomhlánú a fháil ar Do thuairisceán cánach a thíolacadh

Ní mór do dhaoine aonair an Fhoirm 11 a thíolacadh ar líne trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Tá tuilleadh eolais ar fáil ar Éigeantacht um chánacha a íoc agus tuairisceáin a thíolacadh go leictreonach sa rannán Gnó a thosú.

Ar aghaidh: Cé ba chóir clárú le haghaidh féinmheasúnú Cánach Ioncaim?