Treoir maidir le féinmheasúnú

An córas íoca agus tíolactha – cén chaoi a n-oibríonn sé?

Ní mór duit, roimh 31 Deireadh Fómhair in aon bhliain chánach:

  • do réamhcháin a íoc don bhliain sin
  • do thuairisceán cánach féinmheasúnaithe a thíolacadh don bhliain chánach roimhe
  • agus
  • aon iarmhéid cánach a íoc atá dlite don bhliain roimhe.

Mar shampla, faoin 31 Deireidh Fómhair 2025 ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • do Réamhcháin a íoc do 2025
  • do thuairisceán cánach féinmheasúnaithe do 2024 a thíolacadh
  • agus
  • aon iarmhéid Cánach Ioncaim do 2024 a íoc.

Nuair a íocann agus tíolacann tú ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim(ROS), cuirfear an spriocdháta 31 Deireidh Fómhair siar go dtí lár mí na Shamhna. Chun muirir úis a sheachaint, bí cinnte go dtíolacann tú faoin dáta dlite ceart.

Íoc agus Tíolaic don Cháin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Tá an dáta íocaíochta do CGC difriúil ón dáta íocaíochta do Cháin Ioncaim. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Cén uair agus cén chaoi a n-íoctar agus a dtíolactar CGC?

Do thuairisceán a leasú

Féadfaidh tú aon earráidí ar do thuairisceán cánach a leasú trí ROS. Más cóip ar pháipéar atá tíolactha agat, déan teagmháil le do oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chun aon leasuithe a dhéanamh ar do thuairisceán.

Tuairiscéan déanach a thíolacadh

Beidh ort formhuirear a íoc má thíolacann tú do thuairisceán cánach tar éis an spriocdháta. Sa chás go ndéantar tuairisceán déanach a thíolacadh:

  • níos lú ná dhá mhí tar éis an dáta tíolactha, cuirtear formhuirear 5% den cháin atá dlite ort a íoc, suas le €12,695, i bhfeidhm
  • níos mó ná dhá mhí tar éis an dáta tíolactha, cuirtear formhuirear 10% de do cháin dlite, suas le €63,485, i bhfeidhm.

Tabhair do d’aire

Féadfaidh formhuirear de 10% a bheith curtha i bhfeidhm ar do dhliteanas deiridh mura gcomhlíontar d’oibleagáidí Cánach Maoine Áitiúil (LPT) . Féadfaidh an formhuirear seo a bheith i bhfeidhm fiú má íocann tú agus má tíolacann tú do Cháin Ioncaim in am.

Ar aghaidh: Cé na foirmeacha a theastaíonn chun é a chomhlánú?