Treoir maidir le féinmheasúnú

Cé ba chóir clárú le haghaidh féinmheasúnú Cánach Ioncaim?

Ba chóir duit clárú le haghaidh féinmheasúnú Cánach Ioncaim sna cásanna seo:

  • má tá tú féinfhostaithe
  • más ioncam den chineál seo a leanas, an t-aon fhoinse ioncaim atá agat, nó an phríomhfhoinse ioncaim atá agat:
  • má rinne tú brabús ó scair-roghanna nó ó dhreasachtaí scaireanna.

Is gá duit clárú le haghaidh féinmheasúnú sna cásanna seo:

  • gur mó d'ioncam incháinithe neamh-ÍMAT ná €5,000
  • nó 
  • gur mó d'ollioncam neamh-ÍMAT ná €30,000.

Tabhair do d'aire

Chun ioncam neamh-ÍMAT nach sáraíonn na suimeanna thuasluaite a dhearbhú, is gá Foirm 12 a thíolacadh ar líne trí 'MoChúrsaí. Déanfar do chreidmheasanna cánach agus do scoithphointe an ráta chaighdeánaigh a choigeartú (ar a dtugtar "códú") chun cáin a ghearradh ar ioncam neamh-ÍMAT.

Is féidir leat clárú le haghaidh féinmheasúnú tríd an ríomh-Chlárúchán tseirbhís a úsáid nó cuid A agus cuid B d'Fhoirm TR1  a chomhlánú.

Féadtar díchlárú ón fhéinmheasúnú Cánach Ioncaim trí Fhoirm TRCN1 a chomhlánú. 

Chun díchlárú ó fhéinmheasúnú Cánach Ioncaim ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), ní mór duit:

  1. Sínigh isteach ar ROS.
  2. Faoin rannán 'Seirbhísí Eile', cliceáil ar 'Bainistigh Clárúcháin Chánach'.
  3. Cliceáil ar "Scor den Chlárúchán" le haghaidh Cáin Ioncaim.
  4. Comhlánaigh an scáileán "Scor den Chlárúchán-Cáin Ioncaim".
  5. Cliceáil ar “Cuir le d’Iarratais”
  6. Cliceáil ar an gcnaipe "Tíolaic" chun leanúint ar aghaidh.
  7. Cuir isteach do phasfhocal le haghaidh ROS agus cliceáil ‘Sínigh agus Tíolaic‘.

Ar aghaidh: Céard is réamhcháin ann?