Scair-roghanna

Is éard is scair-rogha ann ná an ceart líon áirithe scaireanna a cheannach ar phraghas socraithe, ag am atá le teacht, laistigh de chomhlacht. Tugann na scaireanna seo bealach do d'fhostóir chun luach saothair a thabhairt duit, chomh maith le do bhunphá. Is é luach an luaíochta luach margaidh na scaireanna ar an dáta a bronnadh iad.

Roimh an 1 Eanáir 2024

Beidh aon Cháin Ioncaim dlite ar fheidhmiú, sannadh nó scaoileadh na rogha roimh an 1 Eanáir 2024, inmhuirir faoin gcóras féinmheasúnaithe. Ní asbhainfidh d'fhostóir cáin ar do shon tríd an bpárolla.

Tar éis an 1 Eanáir 2024

Ní bheidh tú i do dhuine inmhuirir má dhéanann tú rogha a fheidhmiú, a shannadh nó a scaoileadh ar an 1 Eanáir 2024 nó dá éis. Asbhainfidh d'fhostóir aon Cháin Ioncaim dlite tríd an bpárolla. Ní bheidh ort Tuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh maidir leis an imeacht seo.

Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil ar scaireanna agus d’oibleagáidí cánach sa rannán Ioncaim Bhreise.