Cánachas ar scaireanna a bhaineann le fostaíocht
Léargas ginearálta
Go ginearálta, tagraítear do scaireanna a fhaigheann tú ó d’fhostóir mar ‘scéimeanna luach saothair scair-bhunaithe’ nó ‘ioncam scair-bhunaithe’. Tá go leor scéimeanna scaireanna d’fhostaithe éagsúla ann.
Féadann d’fhostóir scaireanna a bhronnadh ort, nó scair-roghanna a dheonú duit trí:
- scéim 'fhoirmiúil' le tacar rialacha i scríbhinn
- nó
- nó ar bhonn aonuaire ‘neamhfhoirmiúil’.
Scairscéimeanna neamhcheadaithe
Ní gá d’fhostóirí ceadú a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim do scairscéimeanna neamhcheadaithe.
Má thugann d’fhostóir scaireanna saor ó tháille nó scaireanna ar phraghas lascainithe duit, is sochair incháinithe é seo. Ní mór duit Cáin Ioncaim, an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) a íoc ar scaireanna nó roghanna a tugadh faoi scéimeanna neamhcheadaithe.
Déanfaidh d’fhostóir na hasbhaintí cuí ó dhámhachtainí scaireanna tríd an bpárolla agus íocfaidh siad an cháin go díreach leis an t-Ard-Bhailitheoir.
Mínítear sa rannán seo an cánachas ar scaireanna a tugtar trí scairscéimeanna neamhcheadaithe.
Scair-roghanna neamhcheadaithe
Má fheidhmíonn tú scair-rogha, ní mór duit sonraí ar aon ghnóthachan a dhéanann tú a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim agus aon dliteanas cánach a íoc. Ní bhainfidh d’fhostóir cáin thar do cheann trí phárolla. Féadtar tuilleadh eolais ar chánachas scair-roghanna neamhcheadaithe a fháil in scéimeanna neamhcheadaithe scair-roghanna.
Maidir le gnóthachain a dhéantar ar roghanna an Chláir Rannpháirtíochta Príomhfhostaithe (CRPF), tá siad díolmhaithe ó Cháin Ioncaim, MSU agus ÁSPC. Féadtar tuilleadh eolais ar chánachas na scair-roghanna a bhronntar faoin CRPF a fháil in Clár Rannpháirtíochta Príomhfhostaithe (CRPF).
Scairscéimeanna ceadaithe
Tá trí chineál scairscéimeanna d’fhostaithe ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim:
- Scéimeanna Brabús-Roinnte Ceadaithe (SBRC)
- Iontaobhais Scairúinéireachta d’Fhostaithe (ESOT)
- Scéimeanna Sábháil Mar a Thuillir (SMAT).
Ag brath ar choinníollacha áirithe a chomhlíonadh, ní bheidh Cáin Ioncaim inmhuirir ar scaireanna ná roghanna a fhaigheann fostaithe faoi na scéimeanna seo. Ní mór duit, áfach, MSU agus ÁSPC a íoc orthu seo.
Baineann d’fhostóir MSU agus ÁSPC tríd an bpárolla.
Féadtar tuilleadh eolais ar chánachas scair-roghanna ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim a fháil in scéimeanna scair-roghanna ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
Tabhair do d'aire
Féadfaidh sé go mbeidh Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) dlite freisin nuair a dhiúscraíonn tú do scaireanna.
Má thugann do scaireanna an deis duit bheith i dteideal íocaíochtaí díbhinne, ní mór duit an t-ioncam seo a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim chomh maith.
Ar aghaidh: Scaireanna saor in aisce agus lascainithe