Scairscéimeanna ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Léargas ginearálta

Is gá d’fhostóir ceadú a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim scairscéimeanna fostaí áirithe atá éifeachtúil ó thaobh cánach de a shocrú suas. Tugtar ‘scairscéimeanna ceadaithe’ orthu seo. Tá trí chineál scairscéimeanna d’fhostaithe ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim ann:

  • Scéimeanna Brabús-Roinnte Ceadaithe (SBRC)
  • Iontaobhais Scairúinéireachta d’Fhostaithe (ESOT)
  • Scéimeanna Sábháil Mar a Thuillir (SMAT).

Maidir le scaireanna a bhronntar nó scair-roghanna a dheonaítear faoi na scéimeanna ceadaithe seo, tá siad díolmhaithe ó Cháin Ioncaim. Má úsáidtear an ESOT in éineacht leis an SBRC, níl na scaireanna sin faoi dhliteanas Cánach Ioncaim.

Ní mór duit an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) a íoc ar luach na scaireanna.

Ar aghaidh: Scéimeanna Brabús-Roinnte Ceadaithe (SBRC)