Clár Rannpháirtíochta Príomhfhostaithe (CRPF)

Tabhair do d'aire

Tá CRPF ar fáil le haghaidh scair-roghanna cáilithe a deonaíodh idir 01 Eanáir 2018 agus 31 Nollaig 2025.

Is scéim scair-roghanna éifeachtúil ó thaobh cánachas de é CRPF. Faoin scéim, beidh rogha agat scaireanna a fháil sa todhchaí, ag praghas socraithe.

Ní bheidh ort cáin a íoc agus an rogha a fheidhmiú, fiú gur méadaíodh luach na scaireanna. Tá roinnt coinníollacha cáilithe.

Coinníollacha cáilithe

Chun cáiliú don chóireáil chánach thairbhiúil, tá roinnt coinníollacha le comhlíonadh i ndáil le:

  • scair-roghanna
  • fostaithe
  • comhlacht.

Coinníollacha maidir le scair-roghanna

Níl cead an rogha a bheith:

  • i seilbh níos faide ná deich mbliana
  • feidhmithe laistigh den céad 12 mí ó dháta an deonaithe.

Coinníollacha d’fhostaithe

Chun cáiliú don chóireáil chánach thairbhiúil, ní mór duit:

  • a bheith i do fhostaí nó stiúrthóir i rith na tréimhse feidhmithe
  • agus
  • a bheith ag obair 20 uair nó níos mó sa tseachtain don chomhlacht cáilitheach

Níl tú incháilithe páirt a ghlacadh má tá leas ábhartha (níos mó ná 15%) agat:

  • i gcaipiteal gnáthscaire na cuideachta cáilitheach
  • i gcás grúpa cáilitheach, an chuideachta shealbhaíochta cháilitheach.

Coinníollacha don chomhlacht

Tá sonraí maidir le critéar cháilitheachta agus an chaoi go n-oibríonn an scéim ar fáil in Keep Employee Engagement Programme (KEEP).

Cánachas ar roghanna CRPF a dheonú

Níl ort aon cháin a íoc ar dheonú na roghanna CRPF. Déanfaidh d’fhostóir na sonraí ar na roghanna CRPF a deonaíodh duit a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim.

Cánachas ar roghanna CRPF a fheidhmiú

Ní bheidh aon ghnóthachan a thuilleann tú ar fheidhmiú na scair-roghanna cáilitheach faoi réir an méid seo a leanas:

Déanfaidh d’fhostóir na sonraí ar na roghanna CRPF a fheidhmíonn tú a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim.

Roghanna CRPF a shannadh

Má dhéanann tú do roghanna CRPF a shannadh do thríú páirtí, ní bheidh siad incháilithe don fhaoiseamh cánach a thuilleadh. Ní mór go ndéileálfar le sannadh na roghanna, agus feidhmiú na roghanna, ina dhiaidh sin mar scéimeanna neamhcheadaithe scair-roghanna.

Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Má dhiúscraíonn tú do scaireanna, féadfaidh sé go mbeidh tú faoi dlite Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC). Ní mór duit an diúscairt seo a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim, fiú nach bhfuil cáin dlite. Ní dhéanann d’fhostóir aon asbhaint chánach nó an diúscairt a thuairisciú ar do shon.

Nuair atá an gnóthachan inmhuirir á ríomh agat, úsáidtear an tsuim a d’íoc tú ar an dáta fála mar do chostas fála. Féadfaidh sé go mbeidh tú in ann Faoiseamh Athbhreithnithe d’Fhiontraithe a éileamh, má chomhlíonann tú na coinníollacha.