Scéimeanna scair-rogha neamhcheadaithe

Léargas ginearálta

Is éard is scair-rogha ann ná ceart a thugann d’fhostóir duit scaireanna a fháil sa chuideachta.

Féadfaidh sé nach mbeidh aon chostas ort i leith na scaireanna ort (rogha nialasach), é sin nó beidh siad ar phraghas réamhshocraithe leagtha síos ag d’fhostóir (praghas na rogha). Faoi scéim scair-roghanna socróidh d’fhostóir an méid seo a leanas:

  • líon na scaireanna a bhféadfaidh tú a fháil
  • praghas na rogha, más ann dó
  • agus
  • tréimhse an fheidhmithe (is é sin, na dátaí óna bhféadann tú do rogha a fheidhmiú agus na dátaí nach mór duit do rogha a fheidhmiú faoi).

Rogha feidhmithe

Féadfaidh tú a roghnú más mian leat rogha a fheidhmiú chun scaireanna a fháil nó gan é sin a dhéanamh. Féadfaidh tú cinneadh a dhéanamh ligean do rogha dul in éag más rud é go bhfuil praghas réamhshocraithe an rogha níos airde ná luach margaidh na scaireanna.

Mínítear sa rannán seo an cánachas ar chearta chun scaireanna a fháil trí scairscéimeanna neamhcheadaithe. Tá sé seo éagsúil ón gcánachas ar scair-roghanna a dheonaítear faoi:

  • scéim Sábháil Mar a Thuillir (SMAT) ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim
  • An Clár Rannpháirtíochta Príomhfhostaithe (CRPF) 

Cánachas

Ní mór duit a íoc ar aon ghnóthachan a dhéantar ar scair-rogha a fheidhmiú, a shannadh nó a scaoileadh.

Braitheann an chaoi a ngearrtar cáin ort ar an gcineál scair-rogha. Tá dhá chineál scair-rogha ann:

  • rogha ghearr, nach mór a fheidhmiú taobh istigh de 7 mbliana ó dháta an bhronnta
  • agus
  • rogha fhada, a féadtar a fheidhmiú tar éis tréimhse níos faide ná 7 mbliana ón dáta bhronnta.

Cén chaoi le cáin a íoc ar ghnóthachain scair-rogha

Braitheann an chaoi a n-íocann tú an cháin seo ar an uair a ndearna tú an gnóthachan sin. Mar shampla, má rinne tú gnóthachan roimh an 1 Eanáir 2024, meastar gur 'duine inmhuirir' thú don bhliain sin agus bailítear cáin faoi fhéinmheasúnú.  Má rinne tú gnóthachan ar an 1 Eanáir 2024 nó dá éis sin, déanfaidh d’fhostóir an cháin a bhailiú tríd an bpárolla.

Tabhair do d'aire

Má fhaigheann tú díbhinní mar thoradh ar do scairsheilbh i rith na bliana, ní mór duit an t-ioncam seo a dhearbhú. Má dhíolann tú do scaireanna (a fuair tú trí rogha a fheidhmiú), ní mór duit ansin sonraí na diúscartha seo a thuairisciú ar do thuairisceán cánach freisin. Ní mór duit an diúscairt seo a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim, fiú mura bhfuil aon cháin dlite.

Céard is gá duit a dhéanamh má dhéanann tú gnóthachan roimh an 1 Eanáir 2024 

Ar aghaidh: Cáin ar rogha ghearr