Scéimeanna scair-rogha neamhcheadaithe

  1. Léargas ginearálta
  2. Cáin ar rogha ghearr
  3. Cáin ar rogha fhada
  4. Cén chaoi le do Cháin Iomchuí ar Scair-Roghanna a ríomh agus a íoc
  5. Scair-roghanna a dhiúscairt

Cén chaoi le do Cháin Iomchuí ar Scair-Roghanna a ríomh agus a íoc

Tabhair do d’aire

Má rinne tú gnóthachan ar scair-rogha roimh an 1 Eanáir 2024, ní mór duit Cáin Iomchuí ar Scair-Roghanna (CISR) a íoc laistigh de 30 lá ón dáta fheidhmithe.

Má dhéanann tú gnóthachan ar scair-rogha ar an 1 Eanáir 2024 nó dá éis sin, tá d’fhostóir freagrach as an gcáin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim trí phárolla.

Céim 1: Ríomh do ghnóthachan

Is é an gnóthachan ná an difríocht idir an méid seo:

  • luach margaidh na scaireanna nuair a fheidhmíonn tú an rogha, nó an méid a fuarthas as a shannadh nó a scaoileadh

agus

  • an tsuim a d’íoc tú ar na scaireanna móide aon suim eile a íoctar ar dheonú na rogha, más ann.

Sampla

Ar an 6 Bealtaine 2022, dheonaigh a fhostóir 500 scair-rogha do Thomás. Ba é €2 an scair praghas an fheidhmithe, arbh é sin an luach margaidh ar dháta an deonaithe. Rinne sé an scair-rogha a fheidhmiú ar an 10 Bealtaine 2023. Ba é an luach margaidh ar dháta an fheidhmithe ná €5.00 an scair.

Ríomh an ghnóthachain:

Cur síos

Ríomh

Iomlán

Luach margaidh ar dháta an fheidhmithe

500 x €5

€2,500

Lúide praghas na rogha a íocadh

500 x €2

(€1,000)

Gnóthachan Ioncaim

€2,500 – €1,000

€1,500

Céim 2: Ríomh an Cháin Iomchuí ar Scair-Roghanna

Tugtar Cáin Iomchuí ar Scair-Roghanna (CISR) ar an gCáin Ioncaim agus ar an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) atá dlite ar fheidhmiú scair-rogha.

Ráta cánach roimh an 1 Eanáir 2024

Ní mór duit Cáin Ioncaim agus MSU a ríomh ag an ardráta. Ní mór duit chomh maith Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) ag baint úsáid as ráta na haicme ÁSPC a fheidhítear duit don bhliain chánach.

Sampla

Sa sampla thuas, b'ionann gnóthachan ioncaim Thomáis agus €1,500 agus ní mór dó anois an CISR dlite a ríomh.

Ríomh an CISR

Cáin

Ráta

Ríomh

Iomlán

Cáin Ioncaim

40%

€1,500 x 40%

€600

MSU

8%

€1,500 x 8%

€120

ÁSPC

4%

€1,500 x 4%

€60

CISR dlite

 

 

€780

Is é €780 dliteanas CISR Thomáis. Ní mór dó an CISR a íoc faoin 8 Meitheamh 2023.

Féadtar d’ioncam don bhliain ó gach foinse a bheith inmhuirir ag an ráta caighdeánach (20%). I gcás blianta measúnaithe roimh 2024, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim agus iarratas a dhéanamh ar cheadú chun an méid seo a leanas a íoc:

  • Cáin Ioncaim ag an ráta caighdeánach cánach

agus

  • ráta MSU níos ísle.

Tabhair do d’aire

Bhí gá an ceadú seo a fháil roimh CISR a íoc leis an Ard-Bhailitheoir. Seachas sin, cuireadh an t-ardráta cánach i bhfeidhm.

Ráta cánach ar an 1 Eanáir 2024 nó dá éis

Ríomhfaidh d'fhostóir an gnóthachan de réir Chéim 1. Bainfidh siad úsáid as an ráta cánach infheidhmithe de réir d’Fhógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) reatha. 

Céim 3: Cén uair le CISR a íoc

Má rinne tú gnóthachan roimh an 1 Eanáir 2024, ní mór duit CISR a íoc taobh istigh de 30 lá tar éis an dáta fheidhmithe. Áirítear sa tréimhse tuairiscithe 30 lá an dáta feidhmithe.

Má rinne tú gnóthachan ar an 1 Eanáir 2024 nó dá éis sin, ní mór do d’fhostóir an cháin a íoc i bhfíor-am trí phárolla.

Tabhair do d’aire

Ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023, tá íocaíocht dhéanach CISR faoi réir ráta úis Cánach Ioncaim de 0.0219%. Roimh an 01 Eanáir 2023, ba é 0.0322% an ráta úis. Gearrtar ús i leith gach lá, nó cuid de, ón dáta a bhfuil an íocaíocht dlite go dtí an dáta a dhéantar an íocaíocht.

Céim 4: Cén chaoi le CISR a íoc

Mura raibh tú cláraithe le haghaidh CISR riamh, féach ar Bainistigh do chlárúcháin chánach.

Má tá tú cláraithe cheana féin le haghaidh CISR, féadfaidh tú d'íocaíocht a dhéanamh ag baint úsáid as an áis íocaíochtaí in:

Má dhéanann tú gnóthachan ar an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin, ní gá duit clárú le haghaidh CISR. Déanfaidh d’fhostóir an cháin a thíolacadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim tríd an bpárolla.

Céim 5: Comhlánaigh Foirm RTSO1

I gcás gnóthachain a dhéantar roimh an 1 Eanáir 2024,, ní mór duit RTSO1 Form a chomhlánú nuair a atá d'íocaíocht á déanamh agat agus í a sheoladh chuig Oifig an Ard-Bhailitheora.

Má dhéanann tú gnóthachan ar an 1 Eanáir 2024 nó dá éis sin, ní gá duit Foirm RTSO1 a chomhlánú.

Céim 6: Tíolaic do Thuairisceán Cánach Ioncaim:

Má rinne tú gnóthachan roimh an 1 Eanáir 2024, ní mór duit  Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) a chomhlánú chomh maith faoi fhéinmheasúnacht a chomhlánú do gach bliain a dhéantar scair-rogha a fheidhmiú, a shannadh nó a scaoileadh.

Má rinne tú gnóthachan le linn 2023, ní mór duit fós tuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2024.

Má dhéanann tú gnóthachan ar an 1 Eanáir 2024 nó dá éis sin, níl ort tuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh ina leith seo.

I gcás aon bhliana measúnachta, ní mór duit Tuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh:

  • má fhaigheann tú aon díbhinní ó do scairsheilbh

  • má dhiúscraíonn tú scaireanna, lena n-áirítear diúscairtí i socrú díola le ceannach nó i bhfeidhmiú gan airgead tirim. 

Má dhiúscraíonn tú scaireanna, féadfaidh sé go mbeidh tú faoi dhliteanas na Cánach Gnóthachan Caipitiúil (CGC).

Cén chaoi le gearríocaíocht CISR a cheartú

Má thugann tú earráid faoi deara agus CISR á ríomh agat, nó mura bhfuil an t-ioncam nó na gnóthachain go léir tuairiscithe agat do bhliain roimhe sin, ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas.

Chun tuilleadh eolais a fáil ar an gcaoi le nochtadh ar CISR a dhéanamh, féach Nochtadh a dhéanamh.

Ar aghaidh: Scair-roghanna a dhiúscairt