Scéimeanna scair-rogha neamhcheadaithe

Cáin ar rogha ghearr

Ní mór an rogha seo a fheidhmiú taobh istigh de 7 mbliana ó dháta an deonaithe.

Cáin ar dháta an deonaithe

Níl aon cháin dlite ar dháta a deonaíodh an ceart. Déanfaidh d’fhostóir na sonraí ar na roghanna a deonaíodh duit a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim.

Cáin ar dháta an fheidhmithe

Nuair a fheidhmítear rogha, ní mór duit Cáin Ioncaim, an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) a íoc.

Tugtar Cáin Iomchuí (CSRI) ar Scair-Roghanna (CISR) ar an gCáin Ioncaim agus MSU atá dlite ar fheidhmiú na scair-rogha. Is éard atá i suim an ghnóthachain ná an difríocht idir an méid seo:

  • luach margaidh na scaireanna ar an dáta a fheidhmítear an rogha

agus

  • an tsuim a d’íoc tú ar na scaireanna, móide aon suim eile a íoctar ar dheonú na rogha.

Gnóthachain a dhéantar roimh an 1 Eanáir 2024

Ní mór duit CISR a íoc taobh istigh de 30 lá tar éis an rogha a fheidhmiú agus RTSO1 form a chomhlánú. Áirítear sa tréimhse 30 lá an dáta feidhmithe.

Ní mór duit Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) a thíolacadh don bhliain a fheidhmítear an rogha. Ba chóir duit sonraí maidir leis an CISR atá íoctha cheana féin a chur san áireamh sa rannán cuí den fhoirm. Déanfaidh d’fhostóir na sonraí maidir le haon rogha a fheidhmíonn tú a thuairisciú chuig na Coimisinéirí Ioncaim freisin.

Gnóthachain a dhéantar ar an 1 Eanáir 2024 nó dá éis

Má dhéanann tú gnóthachan ar scair-rogha ar an 1 Eanáir 2024 nó dá éis sin, tabharfaidh d'fhostóir cuntas tríd an bpárolla i leith na nithe seo a leanas:

  • Cáin Ioncaim
  • MSU

agus

  • ÁSPC.

Ní bheidh ort Tuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh maidir leis an imeacht seo.

Feidhmiú gan airgead tirim

Féadfaidh sé go n-iarrfaidh tú ar d’fhostóir do scaireanna a dhíol, seachas airgead tirim a chur ar fáil chun an rogha a fheidhmiú. Má dhéanann tú amhlaidh, tugtar ‘feidhmiú gan airgead tirim’ nó ‘díol aon lae’ ar seo.

Féadfaidh tú é seo a dhéanamh chun praghas na rogha agus an dliteanas cánach a eascraíonn as an bhfeidhmiú araon a mhaoiniú. Ní thagann aon athrú ar sheasamh na Cánach Ioncaim.

Ní mór duit aon impleachtaí i leith na Cánach Gnóthachan Caipitiúil (CGC) a bhaineann le díol na scaireanna a mheas chomh maith.

Sampla 1

Ar an 10 Iúil 2021, deonaíodh rogha do Mhicheál 1,000 scair a fháil ar luach €3 an scair. Deimhnítear sna téarmaí faoinar deonaíodh an scair-rogha nach mór é a fheidhmiú roimh an 5 Bealtaine 2026 (rogha ghearr).

Os rud é gur rogha ghearr atá ann, níl aon cháin dlite ar dheonú na rogha.

Rinne Micheál an scair-rogha a fheidhmiú ar an 1 Márta 2023. Ba é luach margaidh na scaireanna ar an dáta sin ná €5 an scair.

Ríomh an ghnóthachain incháinithe ar fheidhmiú na rogha

Cur síos

Ríomh

Luach

Luach margaidh na scaireanna ar an 1 Márta 2023

1,000 x €5

€5,000

Suim íoctha ag Mícheál (praghas na rogha)

1.0000 x €3

€3,000

Gnóthachan ar an bhfeidhmiú

€5,000 – €3,000

€2,000

Cáin Ioncaim (40%)

 

€800

MSU (8%)

 

€160

ÁSPC (4%)

 

€80

Cánacha iomlána

 

€1,040

Toisc gur fheidhmigh Micheál a scair-rogha roimh an 1 Eanáir 2024, ní mór dó €1,040 a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim agus foirm RTSO1 a thíolacadh faoin 30 Márta 2023.

Ní mór dó Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) a thíolacadh don bhliain chánach 2023 freisin faoin 31 Deireadh Fómhair 2024.

Sampla 2

Ar an 10 Iúil 2021, deonaíodh rogha do Mhicheál 1,000 scair a fháil ar luach €3 an scair. Deimhnítear sna téarmaí faoinar deonaíodh an scair-rogha nach mór é a fheidhmiú roimh an 5 Bealtaine 2026 (rogha ghearr).

Os rud é gur rogha ghearr atá ann, níl aon cháin dlite ar dheonú na rogha.

Ar an 1 Márta 2024, thug Mícheál treoir dá fhostóir a scaireanna a dhíol. Ba é luach margaidh na scaireanna ar an dáta sin ná €5 an scair. Baineann sé úsáid as fáltais an díola chun praghas na rogha agus an dliteanas cánach a eascraíonn as an bhfeidhmiú a mhaoiniú.

Ríomh an ghnóthachain incháinithe ar fheidhmiú na rogha

Cur síos

Ríomh

Luach

Luach margaidh na scaireanna ar an 1 Márta 2024

1,000 x €5

€5,000

Suim íoctha ag Mícheál (praghas na rogha)

1.0000 x €3

€3,000

Gnóthachan ar an bhfeidhmiú

 €5,000 – €3,000

€2,000

Cáin Ioncaim (40%)

 

€800

MSU (8%)

 

€160

ÁSPC (4%)

 

€80

Cánacha iomlána

 

€1,040

 

Ós rud é go dtarlaíonn an feidhmiú tar éis 1 Eanáir 2024, ní mór d'fhostóir Mhichíl €1,040 a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Ní gá do Mhicheál foirm RTSO1 a thíolacadh.

Ós rud é gur dhiúscair sé scaireanna le linn 2024, ní mór dó Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) a thíolacadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2025 le sonraí na diúscartha seo.

Cánachas ar scair-roghanna a shannadh nó a scaoileadh

Ní mór duit Cáin Ioncaim, MSU agus ÁSPC a íoc ar aon ghnóthachan a dhéantar ar scair-rogha a shannadh nó a scaoileadh.

Is éard atá i suim an ghnóthachain atá inmhuirir i leith cánach ná an difríocht idir:

  • an tsuim a fhaightear don sannadh nó don scaoileadh

agus

  • an tsuim a íocadh, más ann dó, as deonú na rogha.

Má fhaigheann tú íocaíocht airgid thirim ó d’fhostóir chun do scair-rogha a scaoileadh, is íocaíocht incháinithe í seo. Déanfaidh d’fhostóir na hasbhaintí riachtanacha tríd an bpárolla agus íocfaidh an cháin go díreach leis an Ard-Bhailitheoir.

Ar aghaidh: Cáin ar rogha fhada