Ar an 1 Meitheamh 2023, tugadh rogha do Shorcha 1,000 scair a fháil ar luach €4 an scair. Deimhnítear sna téarmaí faoinar deonaíodh an scair-rogha go bhféadfar é a fheidhmiú tráth ar bith suas go dtí 1 Meitheamh 2031. (Rogha fhada)
Ba é luach margaidh na scaire ar dháta an deonaithe ná €5.50 an scair. Tá cáin dlite i leith na difríochta idir an luach margaidh agus an méid a d’íoc Sorcha.
Ríomh an ghnóthachain incháinithe ar dheonú na rogha
| Cur síos | Ríomh | Suim |
|
Luach margaidh na 1,000 scair ar an 1 Meitheamh 2023
|
1,000 x €5.50
|
€5,500
|
|
Praghas na rogha iníoctha ar fheidhmiú
|
1,000 x €4.00
|
€4,000
|
|
Gnóthachan Ioncaim
|
|
€1,500
|
Cuireann fostóir Shorcha an €1,500 san áireamh sa phárolla agus déantar an cháin chuí a asbhaint. Ós rud é go n-íocann Sorcha cáin ag an ardráta (40%), is í an Cháin Ioncaim atá dlite ná €600.
Beidh creidmheas €600 ar fáil le fritháireamh in aghaidh aon chánach a ghearrfar i leith an fheidhmithe ina dhiaidh sin.
Déanann Sorcha a rogha a fheidhmiú ar an 1 Meitheamh 2025. Is é luach margaidh na scaire ar dháta an fheidhmithe ná €10.
Ríomh an dliteanais cánach ar fheidhmiú na rogha
|
Cur síos
|
Ríomh
|
Suim
|
|
Luach margaidh na 1,000 scair ar an 1 Meitheamh 2025
|
1,000 x €10.00
|
€10,000
|
|
Praghas na rogha a íocadh ar fheidhmiú
|
1,000 x €4.00
|
€4,000
|
|
Gnóthachan ar an bhfeidhmiú
|
€10,000 - €4,000
|
€6,000
|
|
Cáin Ioncaim (40%)
|
|
€2,400
|
|
MSU (8%)
|
|
€480
|
|
ÁSPC (4.1%)
|
|
€246
|
|
Iomlán
|
|
€3,126
|
|
Bain an cháin a íocadh tráth an deonaithe
|
|
€600
|
|
Cáin is iníoctha tráth an fheidhmithe
|
€3,126 - €600
|
€2,526
|
Ós rud é gur fheidhmigh Sorcha a rogha tar éis an 1 Eanáir 2024, ní mór d'fhostóir Shorcha €2,526 a choinneáil siar agus an méid sin a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim.
Ní gá do Shorcha foirm RTSO1 a thíolacadh.