Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)

Léargas ginearálta

Is cáin iníoctha ar d’ioncam iomlán é an MSU. Ag brath ar do chúinsí, íoctar MSU ag an ráta caighdeánach nó ag an ráta laghdaithe. Áirítear na nithe seo a leanas san Ioncam Iomlán chun críche MSU:

Más mó d’ioncam iomlán ná €13,000, íocfaidh tú MSU ar d’ioncam iomlán. Tá roinnt cineálacha ioncaim ann a bhfuil díolúine acú.

Ceadaítear liúntas Caipitiúil le haghaidh ghléasra agus innealra agus foirgnimh áirithe sula ríomhtar MSU.

Níl aon fhaoiseamh ó MSU i gceist le haghaidh ranníocaíochtaí pinsin fostaí.

Féadfaidh tú samplaí a fheiceáil den chaoi lena ndéantar do MSU a ríomh sa rannán seo ‘Do MSU a Ríomh’.

Tabhair do d'aire

Má thagann athrú ar do chúinsí, mar shampla, má dheonaítear cárta leighis duit, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Íocaíochtaí agus ioncam atá díolmhaithe ó MSU