Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)
Cén chaoi a bhfuil tionchar ag an MSU ar íocaíochtaí iomarcaíochta
Tá íocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla díolmhaithe ó MSU sa chás go bhfuil an méid seo a leanas i gceist leis na híocaíochtaí seo:
- is ionann iad agus dhá sheachtain iomlána pá in aghaidh na bliana seirbhíse, móide seachtain bhónais
- agus
- tá siad faoi réir uasteorainn €600 sa tseachtain.
Íocaíochtaí iomarcaíochta ex-gratia
Tá díolúine ó MSU, suas le teorainneacha áirithe, ag íocaíochtaí ex-gratia iomarcaíochta a dhéantar os cionn an suime iomarcaíochta reachtúla.
Díolúine bhunúsach
Na teorainneacha ná €10,160 móide €765 do gach bliain seirbhíse os cionn na hiomarcaíochta reachtúla.
Díolúine mhéadaithe
Féadtar an díolúine bhunúsach a mhéadú tuilleadh suas le €10,000 faoi réir coinníollacha áirithe. Tá tuilleadh eolais ar fáil in Taxation Treatment of Termination Payments on Retirement or Removal from Office or Employment.
Tá teorainn díolúine saoil €200,000 ar íocaíochtaí ex-gratia.
Íocaíochtaí iomarcaíochta os cionn na teorainneacha
Tá MSU iníoctha ar aon íocaíochtaí iomarcaíochta os cionn na dteorainneacha seo, tar éis aon asbhaint bhreise Sochair Aoisliúntais Caighdeánaigh Chaipitil (SACC).