Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)

Íocaíochtaí agus ioncam atá díolmhaithe ó MSU

Íocaíochtaí atá díolmhaithe ó MSU

Ní íocfaidh tú MSU ar íocaíochtaí a fhaightear:

  • ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS)
  • íocaíochtaí atá comhchosúil le híocaíochtaí RCS ach a íocann comhlachtaí eile iad, amhail:
    • Liúntas Leasa Forlíontach na nDall
    • Scéim Fostaíochta Pobail
    • Pinsin Scoir Feirme
    • Ciste do Mhic Léinn faoi Mhíchumas
    • jobbridge
    • Scéim Tionscnaimh Post
    • Liúntas Soghluaisteachta
    • íocaíochtaí leasa shóisialaigh a fhaightear ó thír eile
    • Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG)
    • Liúntais Oiliúna Ógtheagmhála.

Ioncam atá díolmhaithe ó MSU

Beidh d’ioncam díolmhaithe ó MSU má tá sé níos lú ná an teorainn díolúine. An teorainn díolúine do 2024 ná €13,000.

Teorainneacha díolúine stairiúil
BliainTeorainn díolúine
2023 €13,000
2022 €13,000
2021 €13,000
2020 €13,000
2019 €13,000

I measc na n-ioncam eile a bhfuil díolúine MSU acu, tá:

Féadfaidh tú liosta iomlán na ndíolúintí MSU a fháil in alt 12 den treoirleabhar MSU.

Ar aghaidh: Rátaí caighdeánacha agus tairseacha MSU