Pasanna taistil nó aermhílte
Pasanna taistil
Féadfaidh fostóir pas taistil míosúil nó bliantúil a chur ar fáil dá bhfhostaithe. Is féidir le seirbhísí bus, traenach, Luas agus seirbhísí farantóireachta a bheith san áireamh le pasanna taistil. De ghnáth, ní sochar comhchineáil é seo sa chás go gceannaíonn an fostóir an pas taistil.
Ní mór don phas bus, traenach, Luas nó farantóireachta a bheith eisithe ag oibreoirí poiblí nó príobháideacha a bhfuil ceadúnas bailí acu.
I gcás ina n-áirítear táillí páirceála le pasanna taistil, is sochar comhchineáil iad na táillí páirceála seo. Ba chóir don fhostóir an costas a chionroinnt ionas go mbeidh an ghné pháirceála san áireamh sa phá. Tá an fostaí inmhuirir i leith an tsochair faoin gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) chun:
Le haghaidh tuilleadh eolais ar choinníollacha i leith díolúine ó shochar comhchineáil do phasanna taistil, féach TDM Part 05-01-01f.
Socruithe um ghéilleadh tuarastail
Baineann díolúine i leith sochar comhchineáil freisin le pasanna taistil a fhaightear faoi chomhaontú um ghéilleadh tuarastail ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar na choinníollacha a bhaineann le socruithe um ghéilleadh tuarastail féach TDM Part 05-01-01k.
Aermhílte
D’fhéadfadh fostaí aermhílte a fháil mar gheall ar aerthaisteal rialta leis an obair. Ní sochar comhchineáil é seo. Ní bheidh ar an bhfostaí cáin a íoc air.