Céard a bhíonn san áireamh le pá
Socruithe um ghéilleadh tuarastail
Is éard atá i gceist le géilleadh tuarastail ná nuair a aontaíonn fostaí cuid dá bpá a thabhairt suas mar mhalairt ar shochar a sholáthraíonn fostóir.
Tá díolúine cánach ann do shocruithe áirithe géillte tuarastail, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe.
Cé na sochair atá incháilithe do dhíolúine chánach?
Ní cháilíonn ach sochair áirithe do dhíolúine chánach. Is iad seo:
Is féidir le fostaí leas a bhaint as níos mó ná ceann amháin de na sochair seo in aghaidh na bliana, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha do gach sochar.
Cad iad na coinníollacha le haghaidh socrú cáilitheach?
Chun go gcáileoidh socrú don díolúine chánach, ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
- ní mór go mbeadh athrú déanta ar théarmaí agus coinníollacha fostaíochta
- níor chóir go mbeadh an t-athrú siarghabhálach agus ní mór é a chur i scríbhinn
- ní ceadmhach don fhostaí an sochar a mhalartú le haghaidh airgid tirim
- ní ceadmhach don fhostaí an sochar a chur ar aghaidh chuig a dteaghlach nó chuig daoine bainteacha eile
- ní ceadmhach don fhostaí íocaíocht chúitimh a fháil mar chúiteamh ar an tuarastal a géilleadh
- agus
- ní mór don tuarastal a géilleadh agus don sochar a chuirtear ar fáil teacht laistigh den bhliain mheasúnaithe chéanna.
Sa chás nach gcomhlíontar na coinníollacha go léir thuasluaite, ní bheidh feidhm ag an díolúine chánach. Sa chás seo, ní mheastar go bhfuil tuarastal géillte ag fostaí agus fanann siad de bheith go hiomlán inchánach maidir lena n-ioncam comhlán. Ní mór don fhostóir Cáin Ioncaim, ÁSPC agus MSU a asbhaint ón íocaíocht iomlán a dhéantar leis an bhfostaí.