Costais fostaí – léargas ginearálta

Féadtar costais a íoc le fostaí chun aon chostais a chlúdach a thabhaíonn siad le linn a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Féadtar na costais seo a chúiteamh:

  • má thabhaigh d’fhostaí an costas go hiomlán, go heisiach agus de riachtanas le linn dóibh a bheith ag comhlíonadh dhualgais a bhfostaíochta
  • má chúitítear na costais ar bhonn admhálacha deimhnithe.

Folaíonn fostaithe stiúrthóirí de chuid do chomhlachta.

Is le taisteal gnó a bhaineann na costais is coitianta a chúitítear. Folaíonn sé seo costais amhail costais taistil, cóiríochta agus béilte.

Féadtar costais taistil do chuid fostaithe a chúiteamh (agus cothú a bhaineann leis an taisteal sin) saor ó cháin i gcúinsí áirithe:

  • Ní mór do d’fhostaí a bheith ar shiúl go sealadach óna ngnátháit oibre le linn dóibh a bheith ag comhlíonadh dhualgais a bhfostaíochta.
  • Ní mór go dtabhaítear na costais taistil le linn dóibh a bheith ag comhlíonadh dhualgais a bhfostaíochta.
  • Ní mór na costais chothaithe a thabhú mar thoradh ar thaisteal le linn chomhlíonadh dhualgais na fostaíochta.

Féadtar an costas iarbhír a tabhaíodh a chúiteamh, é sin nó féadtar na Rátaí ceadaithe Státseirbhíse le haghaidh taistil agus cothaithe a úsáid.

Is gnách go meastar gur taisteal príobháideach é turais d’fhostaí ón áit chónaithe go dtí an obair, agus ar ais arís. Má aisíocann tú costas an taistil seo, ní mór caitheamh leis mar phá. Íocfaidh d’fhostaí Cáin Ioncaim, an Muirear Sóisialach Uilíoch agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) ar an tsuim a aisíoctar leo.